Athbhreithniú agus Creidiúnú Gairmiúil ar Chláir Reatha Oideachas Tosaigh Múinteoirí (ITE)
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht reachtúil a leagan amach agus a chaomhnaíonn na caighdeáin don iontráil chun na gairme. Ceann de na bealaí ina ndéanann sí é seo ná trí athbhreithniú agus creidiúnú a dhéanamh ar chláir oideachas agus oiliúna múinteoirí a sholáthraíonn Institiúidí Ardoideachas sa Stát.
Ní hionann an ról a bheidh ag an gComhairle i leith athbhreithnithe agus creidiúnaithe clár don oideachas réamhoiliúna do mhúinteoirí agus an creidiúnú acadúil ar chláir a tharlaíonn cheana féin. Bíonn an creidiúnú acadúil bunaithe ar oiriúntacht chláir do bhronnadh céime/dioplóma ach bíonn an creidiúnú gairmiúil d’aon chineál gairme mar bhreithiúnas ar an ullmhúchán d’iontráil chun na gairme sin.
Ní mór creidiúnú reatha a bheith ag gach clár oiliúna múinteoirí in Éirinn a mbíonn an clárúchán ag eascairt uaidh. Tá creidiúnú reatha tugtha faoi láthair do na cláir atá ar fáil cheana féin in Éirinn agus a bhfuil aitheantas clarúcháin acu, go dtí go mbíonn athbhreithniú déanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta orthu. Caithfear gach clár oideachas múinteora nua a éilíonn aitheantas don chlárúchán a chur faoi bhráid na Comhairle don athbhreithniú sula mbíonn creidiúnú le fáil
Rinneadh an creidiúnú ar cheithre chlár a chur i gcrích sa bhliain acadúil 2009/2010. Rinneadh ceithre chlár eile a athbhreithniú i 2010/2011 agus thug an Chomhairle faomhadh do thrí cinn de thuairiscí na bPainéal Athbhreithnithe i mí an Mheithimh 2011.
Gliogáil anseo chun tuairiscí na n-athbhreithnithe a léamh nó a íoslódáil
Critéir agus Treoirlínte do Sholáthróirí Clár
Tá critéir agus treoirlínte foilsithe ag an gComhairle d’Institiúidí Ardoideachais a mbíonn cláir oideachas tosaigh múinteoirí á sholáthar acu – Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte do Sholáthróirí Clár. Cuireann na Critéir agus na Treoirlínte ar chumas Institiúidí Ardoideachas a dheimhniú go sasaíonn a gclár riachtanais chreidiúnaithe na Comhairle. Nuair a bhíonn cláir á gcur isteach don chreidiúnú gairmiúil ba chóir d’Institiúidí Ardoideachais an Pro Forma atá ar fáil thíos le híoslódáil a chomhlánú.
Gliogáil anseo chun íoslódáil a dhéanamh ar Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte do Sholáthróirí Clár
Gliogáil anseo chun íoslódáil a dhéanamh ar an Pro Forma chun cláir reatha a chur isteach don athbhreithniú agus don chreidiúnú