An Fhoirm a Rochtain
Níl fáil don íoslódáil ar Fhoirm Iarratais an Gharda Síochána. Chun foirm a fháil cuir glaoch le do thoil ar an gComhairle Mhúinteoireachta ag 01 651 7900 agus pioc an rogha ‘Seiceáil an Gharda Síochána’. É sin nó seol ríomhphost chuig vetting@teachingcouncil.ie. Tabhair aird gur do mhúinteoirí amháin a dhéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta an tseiceáil. Caithfidh baill foirne scoile nach múinteoirí iad teagmháil a dhéanamh leis na mBord Bainistíochta don eolas maidir le conas iarratas a dhéanamh ar sheiceáil.
Ní dhéanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta aon mhúinteoir a chlárú go dtí:
- Go mbeidh Foirmeacha Seiceála an Gharda Síochána proiseáilte go hiomlán
- Go bhfaightear doiciméadachán breise, nuair a bhíonn gá leis
- Go mbíonn toradh ar sheiceáil an Gharda Síochána eisithe chuig an iarrathóir.
Chun dlús a chur leis an gclárú, caithfidh iarratasóirí a dheimhniú go mbíonn an fhoirm comhlánaithe i gceart agus go mbíonn an doiciméadachán breise curtha isteach.
Sampla-Comhlánaithe d’Fhoirm Iarratais
Tá sé tábhachtach go ndéantar Foirm Iarratais ar Sheiceáil an Gharda Síochána a chomhlánú go hiomlán agus go cruinn. Cuirfear ar ais chuig an iarratasóir do shoiléiriú foirmeacha ina mbíonn earráidí nó easnaimh, rud a chiallaíonn go mbeidh moill ar an bpróiseas do Sheiceáil an Gharda Síochána.
Moltar go mbaintear úsáid as na Ceisteanna Coitianta don chomhlánú ar Fhoirm Iarratais do Sheiceáil an Gharda Síochána.
Gliogáil anseo chun breathnú ar chóip d’Fhoirm Iarratais ar Sheiceáil an Gharda Síochána atá comhlánaithe i gceart.