Léargas Ginearálta

Ag tús na bliana acadúla 2006/2007, tugadh isteach seiceáil an Gharda Síochána do mhúinteoirí nua agus do cheapacháin eile a mbíonn rochtain gan feitheoireacht acu ar leanaí agus ar dhaoine fásta leochaileacha.
 
Nóta: Faoi láthair glacann próiseas Seiceála an Gharda Síochána thart ar 4-6 seachtain.
 
Cúlra
I Meitheamh 2006, d’fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, T.D., socraithe breise don tseiceáil ar dhaoine le rochtain gan feitheoireacht acu ar pháistí agus ar dhaoine fásta leochaileacha. D’eascair sé seo ó mholtaí a rinne an Coiste Idir-Rannach ar Sheiceáil an Gharda Síochána.
 
Tá nósanna imeachta don tseiceáil i bhfeidhm le tamall anuas do chúntóirí riachtanas speisialta agus do thionlacain bus. Tá sé beartaithe ag an Roinn, i gcomhairle le Lárionad Seiceála an Gharda Síochána (GCVU), go ndéanfar seiceáil ar gach múinteoir nua agus ar an bhfoireann coimhdeach a fhostaítear i scoileanna.
 
Múinteoirí atá sa tSeirbhís faoi láthair
Cuirfear leis na socruithe seiceála de réir a chéile sna blianta atá le teacht ionas go ndéanfar gach múinteoir sa chóras a chur san áireamh.

Ról na Comhairle Múinteoireachta
Mar chuid den phróiseas ar mhúinteoirí a chlárú don chéad uair, thoiligh an Chomhairle Mhúinteoireachta a bheith mar an t-údarás cáilithe chun an tseiceáil a éileamh do mhúinteoirí nua. ’S éard a chiallaíonn sé seo go praiticiúl ná go ndéanann an Chomhairle:

  1. Na Foirmeacha do Réamhsheiceáil an Gharda Síochána a fháil agus a sheiceáil ó ábhair oidí sa bhliain dheireanach i gcoláistí agus in ollscoileanna agus ó mhúinteoirí nua eile.
  2. Na foirmeacha a chur ar aghaidh chuig Lárionad Seiceála an Gharda Síochána (GCVU) chun seiceáil a dhéanamh ar gach iarratasóir.
  3. Na torthaí ar Sheiceáil an Gharda Síochána a fháil ón Lárionad Seiceála (GCVU) tar éis don tseiceáil a bheith comhlánaithe.
  4. Litir Seiceála a ullmhú do gach iarratasóir chun toradh na seiceála a chur in iúl.

Sáraíonn sé seo an gá ag scoileanna dul i dteagmháil go díreach le Lárionad Seiceála an Gharda Síochána chun an tseiceáil ar mhúinteoirí nua a éileamh.

An Ról ag Údaráis Scoileanna
Tá an fhreagracht ar na húdaráis ábhartha scoile (Bord Bainistíochta nó Coiste Gairmoideachais de réir mar a oireann) a dheimhniú go ndéantar seiceáil ar aon cheapachán a bhíonn le tarlú agus a bhféadfadh rochtain gan feitheoireacht a bheith aige/aici ar pháistí nó ar dhaoine fásta leochaileacha. Ní cóir, áfach, a leithéid a iarradh ach nuair a bhíonn sé i gceist post a ofráil do dhuine. Maidir le múinteoirí nua mar atá luaite thuas, ní mór do scoileanna a dheimhniú go n-éilíonn siad ón duine a bhfuil post le hofráil do/di an Litir Seiceála ón gComhairle Mhúinteoirechta a sholáthar don iniúchadh, sula a ndéantar ofráil fhoirmiúil ar cheapachán.
 
Beidh ar an gComhairle Mhúinteoireachta, de réir mar is cuí, cinneadh a dhéanamh maidir le hábharthacht ciontaithe d’oiriúnacht an mhúinteora don chlárú.  Déanann Painéal na Comhairle ar Fhianaise Carachtair nochtaidh a thagann ar ais ó Lárionad Seiceála an Gharda Síochána a mheas.
 
Eolas Breise
Tá eolas breise ar fáil in Imlitir 0063/2010 a eisíodh chuig údaráis fostaíochta ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
 
Is féidir aon cheisteanna maidir le Seiceáil an Gharda Síochána a dhéanamh trí ghlaoch ar an gComhairle Mhúinteoireachta ag Íosghlao 1890 224 224 nó 01 6517900 nó vetting@teachingcouncil.ie
 

 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords