Riachtanais maidir le Doiciméid ó Thar Lear

Faoi láthair déanann Lárionad Seiceáil an Gharda Síochána an tseiceáil ar sheoltaí in Éirinn agus i dTuaisceart na hÉireann.  Is gá d’iarratasóir a raibh cónaí air/uirthi i dtír eile lasmuigh d’Éireann agus/nó de Thuaisceart na hÉireann ar feadh trí bliana nó níos mó, agus iad os cionn 18, an doiciméadachán tacaíochta seo a leanas a chur isteach leis an Fhoirm Iarratais ar Sheiceáil an Gharda Síochána:
 

  1. Cóip dheimhnithe d'imréiteach na ngardaí ó dhlinse(í)/stá(i)t a bhí mar áit chónaithe cheana agus tagairt ann don tréimhse a caitheadh sa tír sin.
  2. Cóip dheimhnithe de theistiméireacht bhunaidh faoi charachtar ón bhfostaí is deireanaí  ar pháipéar ceannteidil comhlachta. Is féidir leis an teistiméireacht seo teacht ó Éireann nó ó thar lear.  (Ní gá teistiméireacht múinteoireachta a sholáthar).
  3. Cóip dheimhnithe de Theastas ar Sheasamh Maith nó Litir ar Sheasamh Gairmiúil ó chomhlacht údaraithe nó ó údarás iniúil ón tír ina bhfuil an t-iarratasóir cláraithe faoi láthair. Ní bheidh gá lena leithéid ach nuair a bhíonn a c(h)áilíocht oideachais múinteora faighte ag an iarratasóir lasmuigh d’Éireann; agus má bhíonn an t-iarratasóir ag éileamh cláraithe in earnálacha an Bhunoideachais nó an Iar-Bhunoideachais.  Ní bhaineann sé seo faoi láthair le hiarratasóirí atá ag éileamh cláraithe in earnáil an Bhreisoideachais.
  • Caithfear aistriúcháin deimhnithe a sholáthar d’aon cheann de na doiciméid nach bhfuil scríofa i mBéarla. Is é Cumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann (ITIA) n t-aon eagraíocht in Éirinn representing the interests of practicing translators and interpreters – visit their website at www.translatorsassociation.ie/.
  •  Tabhair aird le do thoil nach cóir ach cóipeanna deimhnithe de na doiciméid thuasluaite a sholáthar. Ní ghlacfar le cóipeanna neamhdheimhnithe agus déanfar iad a chur ar ais mar aon le cóip dheimhnithe a éileamh. Cuirfear aon doiciméid a fhaigheann an Chomhairle ar ais sa ghnáthphost.
  • Coimeádann an Chomhairle an ceart aici féin ráiteas faoi mhionn a éileamh nuair nach mbíonn fáil ar nochtadh sásúil ar thaifid ghardaí/choiriúla. Tabhair aird gur í an Chomhailre Mhúinteoireachta a eiseoidh an Fhoirm Dhearbhaithe seo.

 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords