Séanadh agus Beartas Príobháideachais
Séanadh:
Cé go ndéantar gach iarracht agus ábhar a ullmhú le bheith foilsithe ar an láithreán gréasáin seo, ní ghlacann An Chomhairle Mhúinteoireachta nó a gníomhairí aon fhreagracht as aon bhotúin, easnaimh nó ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo nó ar aon leathanaigh a nascann na leathanaigh sin leo. Tá an fhaisnéis ar an láithreán seo de nádúr achoimrithe agus ginearálta agus d'fhéadfadh sé athrú ó am go ham. Moltar d'úsáideoirí aon fhaisnéis a mbíonn siad ag brath uirthi a chinntiú trí theagmháil dhíreach agus bheo a dhéanamh leis an Chomhairle Mhúinteoireachta.
Uaireanta, nascann an láithreán gréasáin seo le láithreáin sheachtracha nach mbíonn smacht ar bith ag Feidhmeannacht na Comhairle Múinteoireachta orthu agus nach nglacann sí aon fhreagracht astu.
Beartas Príobháideachais:
Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais i leith an láithreáin ghréasáin seo. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachais aon láithreáin nasctha eile.
Ní stórálann ná ní bhailíónn láithreán gréasáin Fheidhmeannacht na Comhairle Múinteoireachta aon fhaisnéis phearsanta faoi úsáideoirí an láithreáin ghréasáin. Caithfear le haon fhaisnéis phearsanta a chinneann tú a sheoladh chuig an bhFeidhmeannacht trí mheán an láithreáin ghréasáin leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndacht go daingean de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.
Fianáin:
Ní bhaineann an láithreán gréasáin seo úsáid as fianáin, ach amháin fianáin shealadacha 'seisiúin' a ligeann do bhrabhsálaí idirlín an chuairteora cuimhneamh ar leathanaigh an láithreáin ar tugadh cuairt orthu cheana féin. Is éard atá i bhfianán ná sonraí a stóráiltear ar chruathiomáint an úsáideora fad agus a bhíonn siad ag tabhairt cuairte ar láithreán gréasáin ar leith. Bíonn faisnéis shimplí faoi aitheantas an úsáideora ann ach ní bhíonn aon fhaisnéis phearsanta ann. Nuair a dhúnann an t-úsáideoir an brabhsálaí, scriostar an fianán. Is féidir do ríomhaire a shocrú ionas nach nglacfadh sé le fianáin gan aon fheidhmitheacht a chailleadh ar an láithreán gréasáin seo.
Comhaid Loga:
Taifeadann ár soláthróir seirbhíse idirlín miosonraí teicniúla maidir le cuairteanna ar an láithreán seo chun críche staitistiúla. Ní bhailítear aon fhaisnéis a d'fhéadfaimis a úsáid chun cuairteoirí ar an láithreán gréasáin a aithint. Ní bhíonn aon fhaisnéis phearsanta maidir le húsáideoirí inár dtaifid chuntais. Ní hionann an fhaisnéis staitistiúil a bhailítear agus 'mionsonraí pearsanta' chun críche na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.
Má athraítear an Beartas Príobháideachais nó an Séanadh, beidh na hathruithe sin le fáil anseo.