Ó bunaíodh Scéim Sparántachtaí Taighde na Comhairle don chéad uair i 2007, rinne a lán dóibh siúd ar bronnadh sparántacht orthu tagairt don bhuntáiste a bhí aige seo dóibh féin mar dhaoine aonair, dá bhforbairt ghairmiúil féin, ach don bhuntáiste níos leithne freisin a d’eascair dá gcomhghleacaithe agus do na mic léinn a bhí faoina gcúram.
Tá fáil ar an leathanach seo ar roinnt den aischothú a fuaireamar tríd na mblianta.
“Cuideoidh an sparántacht le m’fhorbairt ghairmiúil ar bhealaí éagsúla. Mar thoradh ar an taighde seo a dhéanamh tá tionchar dearfach tagtha ar m’eolas féin ar an ábhar agus ar an mbealach ina gcuirfidh mé é i láthair, agus níl aon amhras ach go rachaidh sé seo i bhfeidhm go dearfach ar na daltaí atá faoi mo chúram.”
Maria Sheehan, Pobalscoil Naomh Caimin, an tSionainn, Contae an Chláir ag déanamh taighde ar chumas cognaíoch agus ar scileanna smaointeoireachta dhaltaí eolaíochta agus Ceimice sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht (2009/2010).
“Is céim mhór chun tosaigh go pearsanta agus go gairmiúil gur bronnadh an sparántacht seo orm. Rachaidh sí i bhfeidhm go díreach ar mo chuid múinteoireachta toisc gur taighde áitiúil atá ar bun agam.”
Máiread Minnock, Scoil Shinsearach Náisiúnta Mhuire gan Smál, Darndale, ag déanamh taighde ar an aistriú ó bhunscoil go meánscoil (2009/2010).
“Tá mé thar a bheith buíoch don Chomhairle Mhúinteoireachta as ucht a cuid tacaíochta. Tugann a tacaíocht, a misniú agus a gríosadh i bhfoirm sparántachta spreagadh breise do mhúinteoirí dul i ngleic mar ghairmeoirí leis an taighde oideachasúil chun feabhas a chur ar pholasaí agus ar chleachtas i dtimpeallacht an teagaisc/na foghlama”.
Una Ní Sheánín, Scoil Iognáid, Bóithrín na Sliogán, Gaillimh, i mbun taighde ar an idirchultúrachas sa Ghaelscoil (2009/2010).
“Cuideoidh an sparántacht seo leis an taighde atá ar bun agam agus tá sé tar éis deis a chruthú dom ar bhealaí éagsúla mo scileanna mar chleachtóir machnamhach a shaibhriú.”
Sinéad Corrigan, Institiúd Breisoideachais agus Oiliúna Mhuineachán atá i mbun taighde ar dhearcaidh i leith an oideachais i rannóg an Bhreisoideachais, le fócas ar mheasúnú (2009/2010).
“Tugann sparántacht seo na Comhairle Múinteoireachta aitheantas don tábhacht a bhaineann le múinteoirí a bheith i mbun taighde chun saibhriú a dhénaamh ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama sa seomra ranga. Mar thoradh air sin, tabharfar spreagadh dom leanúint leis an taighde agus é a chríochnú toisc go mbrathaim go mbeidh sé buntáisteach do mhúinteoirí teanga eile in Éirinn”.
Eileen Butler, Coláiste De La Salle, Maigh Chromtha, i mbun taighde ar úsáid na foghlama comhoibrithí chun líofacht labhartha mac léinn a fheabhsú (2008/2009).
“Éacht mór pearsanta é an bronnadh sparántachta taighde seo agus dearbhaíonn sé fiúntas agus bailíocht mo chuid taighde a chuirfidh leis an bhfeasacht, agus a dhéanfaidh proifílíú ar mhic léinn le siondróm Asperger i scoileanna na hÉireann, agus a léireoidh an fadhbanna a bheidh acu agus iad ag aistriú ó bhunscoil go meánscoil”.
Colin McElroy, Scoil Náisiúnta Baile Bacaille, Contae Átha Cliath, ag déanamh taighde ar an aistriú ó bhunscoil go meánscoil do mhic léinn le siondróm Asperger (2008/2009).
“Is cúis mhór áthais dom bronnadh sparántachta na Comhairle Múinteoireachta. Táimse den tuairim gur mór an suntas i leith ardú agus cothú ardchaighdeán go spreagann agus go gcothaíonn an Chomhairle Mhúinteoireachta forbairt leanúnach ghairmiúil múinteoirí”.
Máire Regan-Walsh, Scoil Iósaif Naofa, Orán Mór, i mbun taighde ar thionchar TEC ar an dearcadh a bhíonn ag buachaillí i rang a cúig i scoil a bhíonn ag teagasc trí mheán an Bhéarla ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge (2008/2009).
“Ciallaíonn sé, toisc go bhfuaireas an sparántacht ón gComhairle Mhúinteoireachta, gur féidir liom cláir idirbheartaíochta éagsúla a chur i bhfeidhm i Scoil Náisiúnta Firies.”
Geraldine Shanahan, Scoil Náisiúnta Firies, Cill Áirne, Contae Chiarraí, ag déanamh taighde ar an tábhacht a bhaineann leis an mbeathú folláin sa bhunscoil. (2007/2008).