Na Scéimeanna Cheana

An Chéad Scéim - 2007

I mí na Bealtaine 2007 a seoladh an cheád scéim sparántachtaí taighde. Mar chuid den scéim seo bhronn an Chomhairle nach mór €50,000 i sparántachtaí i mí na Nollag 2007 ar dheichniúr múinteoir a bhí i mbun taighde cleachtóir-bhunaithe.

Preasráiteas a bhaineann leis an gcéad scéim

 

An Dara Scéim - 2008/2009

Seoladh dara scéim sparántachtaí na Comhairle i mí na Nollag 2007. Cuireadh an dara scéim ar fáil do gach múinteoir cláraithe agus is é an t-iomlán a bhí ar fáil don chuid seo den scéim ná €75,000. Mar aon leis sin, cuireadh €25,000 sa bhreis ar fáil do dhaoine eile seachas múinteoirí cláraithe a raibh taighde ar bun acu i réimsí an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe.

Preasráiteas a bhaineann leis an dara scéim

Faightoirí na Sparántachtaí Taighde 2008/2009

 

An Tríú Scéim - 2009/2010

Seoladh an tríú scéim  sparántachtaí taighde i mí Mheán Fómhair 2008 agus bronnadh 28 sparántachtaí le móriomlán  €98,250 bronnta faoin scéím sin i mí Bealtaine 2009. Tá fáil anseo ar na mionsonraí a bhaineann leis an scéim.

Preasráiteas a bhaineann leis an tríú scéim

Faightoirí na Sparántachtaí Taighde 2009/2010

 

An Ceathrú Scéim - 2010/2011: Duais Sparántachtaí Cuimhneachán Kieran O'Driscoll
Seoladh an ceathrú scéim  sparántachtaí taighde i mí Dheireadh Fómhair 2009 agus bronnadh 36 sparántachtaí le móriomlán  €123,000 bronnta faoin scéím sin i mí Dheireadh Fómhair 2010 in ómós do Kieran O’Driscoll, iarbhall den Chomhairle a raibh ardmheas air. Tá fáil anseo ar na mionsonraí a bhaineann leis an scéim.

Preasráiteas a bhaineann leis an ceathrú scéim
Faightoirí na Sparántachtaí Taighde 2010/2011
 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords