Coistí na Comhairle

Léargas ar Choistí na Comhairle Múinteoireachta

Tá roinnt coistí, grúpaí oibre agus painéil bunaithe ag an gComhairle:  

AN COISTE FEIDHMIÚCHÁIN

Déanann on Coiste Feidhmiúcháin obair na Comhairle a reáchtáil idir gnáthchruinnithe ginearálta. Is iad seo a leanas cuid dá sainshuspóirí:

  • Feidhmiú mar fhóram comhordaithe do ghníomhaíochtaí na Comhairle agus iad airdeallach ar ghníomhaíochtaí na gcoistí, agus meicníocht chomhordaithe acu le gníomhú ar thrasghnóthaí de réir mar a eascraíonn siad 
  • Gníomhú son na Comhairle nuair nach féidir cruinniú ginearálta a eagrú i ngeall ar chúinsí ama nó cúinsí eile
  • Orduithe eatramhacha a dhéanamh ar son na Comhairle nuair a bhíonn práinn i gceist agus nuair nach féidir leis an gComhairle cruinniú a eagrú ar fhógra gearr
  • Tuairisciú go rialta don Chomhairle
  

AN COISTE IMSCRÚDAITHE

Faoi Alt 5 den Acht um Chomhairle Mhúinteoirechta tá an Chomhairle, no aón duine eile, ábalta iarratas a chur faoi bhráid an Choiste Imscrúdaithe faoi fheidhmiúlacht múinteora chláraithe chun múineadh ar gach ceann nó aon cheann de na forais seo a leanas:

  • nar chomhlíon sé nó sí an tAcht seo, an tAcht Oideachais, 1998, an tAcht Oideachais (Leas), 2000, na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1990, nó aon rialacháin, rialacha nó orduithe arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin, nó gur sháraigh sé nó sí aon fhoráil de na hAchtanna sin
  • gur mí-iompar gairmiúil  a iompar nó a hiompar
  • go bhfuil a chlárú nó a clarú earráideach mar gheall ar dhearbhú nó mifhaisnéis atá bréagach nó calaoisech
  • go bhfuil sé nó sí neamhfheidhmiúil, ó thaobh sláinte de, chun múineadh. 

Ní bheidh aon bhaint ag an gComhairle ach an oiread le gnóthaí laethúla a bhaineann le conradh ná le haraíonacht, ná ní bheidh suntas á thabhairt ag an gComhairle do ghearáin ar féidir déileáil níos fear leo ag an leibhéal áitiúil.

 

AN COISTE ARAÍONACHTA

De réir mar a oireann déanfaidh an coiste seo imscrúdú éisteachta ar ghearán a chuireann an Coiste Imscrúdaithe faoina bhráid. D'fhéadfadh go mbeadh mar thoradh ar a leithéid go ndéanfaí an clárú a aistarraingt go sealadach nó go buan.

 

AN COISTE CLÁRÚCHÁIN

Tugann an Coiste Clárúcháin comhairle don Chomhairle agus déanann siad moltaí faoi gach gné den chlárúchán. Baineann an obair seo le socrú na riachtanas, caighdeáin agus rialacháin don chlárúchán; téarmái tagartha do phainéal na n-iarratasóirí; ceapachán measúnóirí agus comhairleoirí na n-ábhar léinn; prósis achomhairc, agus cinntí a dhéanamh maidir le hachomhairc. Pléann an coiste freisin gnóthaí a bhaineann le fianaise carachtair agus leis an bpromhadh.

 

AN COISTE OIDEACHAIS

Tá cúram ar an gcoiste seo aighneachtaí a dhréachtadh agus moltaí a dhéanamh don Chomhairle faoi ghnéithe áirithe d'obair na Comhairle. I measc gnéithe eile, baineann an obair seo le dréachtadh Cóid Iompair Ghairmiúla do Mhúinteoirí; moltaí a dhéanamh maidir le riachtanais fhobairt ghairmiúil leanúnach múinteorií; agus le forbairt straitéisí taighde agus cumarsáide na Comhairle Múinteoireachta.

 

AN COISTE AIRGEADAIS

Bíonn léirthusicint ag an gCoiste Airgeadais ar ghnóthaí airgeadais na Comhairle ina measc ullmhúchán an bhuiséid bhliaintúil, monatóireacht leanúnach ar theacht isteach agus ar chaiteachas, agus ar shocruithe na Comhairle maidir le curamaí ginearálta riaracháin. Tá siad seo a leanas mar chid de shainshuspóirí an choiste

  • Athbhreithniú agus tuairisciú ghnóthaí airgeadais na Comhairle
  • Breithniúchán maidir leis an mbuiséad bliantúil
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dháileadh an chiste airgid
  • Athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh maidir le táillí agus tobhaigh na Comhairle
  • Teagmháil a dhéanamh le, agus cuntais a ullmhú do, na hiniúchóirí agus tuairisciú don Chomhairle maidir le cúinsí airgeadais.

 

An COISTE INIÚCHÓIREACHTA 

Déanann an Coiste Iniúchóireachta monatóireacht ar chórais, ar smachtaí airgeadais agus ar nósanna imeachta na Comhairle lena dheimhniú go mbíonn siad ag feidhmiú ar bhealach ordúil agus éifeachtach.

 

AN PAINÉAL AR FHIANAISE CARACHTAIR

Déanann an Painéal ar Fhianaise Carachtair, a thuairiscíonn don Chomhairle agus don Choiste Clárúcháin, aon nochtadh ar chiontuithe a thagann ar ais ó Lárionad Réamhsheiceála an Gharda Síochána a mheas.

 

PAINÉAL NA nIARRATAS BUNSCOILE

Déanann an painéal seo a thuairiscíonn don Chomhairle agus don Choiste Clárúcháin, athbhreithniú ar na moltaí ó na meastóirí seachtracha maidir le hoiriúntacht na gcáilíochtaí ag iarratasóirí don chlárúchán.

 

PAINÉAL NA nIARRATAS IAR-BHUNSCOILE

Déanann an painéal seo a thuairiscíonn don Chomhairle agus don Choiste Clárúcháin, athbhreithniú ar na moltaí ó na meastóirí seachtracha maidir le hoiriúntacht na gcáilíochtaí ag iarratasóirí don chlárúchán. 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords