Sparántachtaí Taighde

Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta d’oideachas agus d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí, mar aon le taighde a éascú i réimsí an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe.  I ngeall air sin, sheol an Chomhairle a céad scéim sparántachtaí i mí Bealtaine 2007. Lean trí scéim eile ina dhiaidh sin agus go dtí seo bronnadh 106 sparántachtaí taighde.
 

Tugann an taighde deis cur le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama in Éirinn. Tá tús curtha le gearrchuntais ar an taighde ag faighteoirí na sparántachtaí a fhoilsiú anseo ar an ngréasán idirlín. Tabharfar tosaíocht don obair seo sna míonna atá le teacht.  De réir a chéile, beidh sé seo mar fhoinse luachmhar do mhúinteoirí agus dóibh siúd uile a bhfuil spéis acu sa teagasc, sa bhfoghlaim agus sa mheasúnú. Toisc go mbeidh sé seo mar phríomhchuspóir taighde againn faoi láthair, níl aon phleananna scéim sparántachtaí eile a reachtáil i mbliana. Déanfar an leathanach seo a uasdhátú nuair a chuirfear tús arís leis na sparántachtaí.

Gearrchuntais Taighde – Gliogáil anseo

 

 
© 2012 The Teaching Council
  • An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
  • Guthán: +353 1 651 7900 LóGhlao: 1890 224 224
  • Facs: +353 1 651 7901
  • R-phost: info@teachingcouncil.ie

Search

Search - Use spaces to separate your keywords