Leanúntas Oideachais Mhúinteoirí
Sa bhliain 2007, rinne an Chomhairle cinneadh taighde faoi leanúntas oideachais mhúinteoir in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, oideachas múinteoirí tosaigh, ionduchtú, agus forbairt gairmiúil leanúnach san áireamh, a gabh de láimh. Rinneadh an taighde i dhá shraith páipéar cúlra a bhí sa chéad cuid a d’ullmhaigh John Coolahan, Ollamh Emeritus le hOideachas i gColáiste na hOllscoile Mhaigh Nuad.Cuireadh tús le dian staidéar i ndiaidh sin ar son na Comhairle leis an Dr. Paul Conway, an Dr. Rosaleen Murphy, an Dr. Anne Rath agus an tOllamh Kathy Hall ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Rinne an taighde seo eolas a sholáthar d’obair na Comhairle agus í ag obair ar an Straitéis Athbhreithnithe agus Creidiúnaithe, agus freisin ar a Polasaí ar Leanúntas in Oideachas Múinteoirí.
Staidéar Dearcaidh
Mar chuid dá ról agus í ag cur chun cinn na múinteoireachta mar ghairm, tá an Chomhairle tar éis torthaí suirbhé ar an dhearcadh ar ghairm na múinteoireachta a fhoilsiú. Rinne comhlacht taighde neamhspleách, iReach Market Research, an taighde ar 1,000 duine fásta, agus leíríodh go bhfuil, ar an iomlán, dearcaidh dearfacha i leith ghairm na múinteoireachta. Bhí tromlach na bhfreagróirí sásta leis an tslí ina ndéanann múinteoirí a gcuid oibre agus tá ardleibhéal muiníne acu as múinteoirí. Deimhníodh go láidir freisin an ról luachmhar a bhíonn ag múinteoirí inár sochaí agus leiríodh ardleibhéal tuisceana ar chastacht an róil agus ar an leibhéal tuisceana atá riachtanach don phost.
Is féidir gearrchuntas ar thorthaí an tsuirbhé a íoslódáil anseo.