19 Bealtaine 2023

A Chara,

Is nuashonrú tábhachtach é seo chun a chur in iúl duit go bhfuil rialacháin nua sínithe ag an Aire Oideachais. Tugtar na Rialacháin um Chomhairle Mhúinteoireachta (Eolas á sholáthar ag an bhfostóir má bhristear fostaí óna bpost nó má éiríonn siad as), 2023, ar na rialacháin sin.

Leagtar amach leis na rialacháin seo an fhreagracht agus an dualgas atá ar fhostóirí faisnéis a sholáthar dúinn i gcás ina ndéantar múinteoir cláraithe a dhífhostú, agus i gcúinsí áirithe, nuair a éiríonn múinteoirí as. I gcás éirí as, tá sé seo riachtanach sa chás go bhfuil gearán déanta nó go bhfuil tús curtha le nós imeachta araíonachta.

Cé leis a mbaineann sé seo? 

1. Aon mhúinteoir cláraithe a éiríonn as tar éis gearán a rinneadh i leith an mhúinteora sin (tabhair faoi deara - is gearán é sin a dhéantar ag leibhéal na scoile áitiúla seachas chuig an gComhairle Mhúinteoireachta,

2. aon mhúinteoir cláraithe a éireoidh as oifig tar éis thosach feidhme nósanna imeachta faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998 (Uimh. 51 de 1998), nó cibé nósanna imeachta eile a fhéadfar a thosú i leith an mhúinteora,

3. aon mhúinteoir cláraithe atá dífhostaithe óna bhfostóir.

Cathain a thosóidh na rialacháin seo?  

Ar an 11 Bealtaine 2023, shínigh an tAire Oideachais na Rialacháin um Chomhairle Mhúinteoireachta (Eolas á sholáthar ag an bhfostóir má bhristear fostaí óna bpost nó má éiríonn siad as), 2023. Ón 11 Bealtaine 2023, ní mór d’fhostóirí sinn a chur ar an eolas nuair a dhífhostaítear múinteoir nó nuair a éireoidh siad as tar éis próiseas gearáin nó araíonachta ag leibhéal na scoile.

An athróidh na rialacháin seo nósanna imeachta araíonachta atá i bhfeidhm faoi láthair i mo scoil?

Tá próiseas gearáin agus fiosraithe na Comhairle Múinteoireachta éagsúil ó na nósanna imeachta a mbaineann scoileanna ag leibhéal áitiúla feidhm astu. Leanfaidh scoileanna/fostóirí múinteoirí cáilithe ag dul i ngleic le fadhbanna mar a tharlaíonn siad go háitiúil, nuair a aontaítear go hiondúil gurb é seo an seans is fearr go réiteofar an fhadhb go luath.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi na rialacháin seo?

Seolfar eolas chuig gach scoil agus Bord Oideachais agus Oiliúna faoi na rialacháin seo.

Tá cóip nuashonraithe den leabhrán Feidhmiúlacht chun Múineadh - Eolas d’Fhostóirí ar fáil anseo. Sonraíonn an leabhrán seo an próiseas um Fheidhmiúlacht chun Múineadh ó thaobh an fhostóra de.

Tá eolas faoinár ról um Fheidhmiúlacht chun Múineadh ar fáil ar www.teachingcouncil.ie.

Má tá aon cheist agat, is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann na gCaighdeán Gairmiúla ag professionalstandards@teachingcouncil.ie     

Le dea-mhéin,

Dr Lynn Ramsey
Stiúrthóir

© 2023 An Chomhairle Mhúinteoireachta

Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire W23 Y7X0

r: info@teachingcouncil.ie       s: www.teachingcouncil.ie

Pholasaí Príobháideachta nuashonraithe na Comhairle