A mhúinteoir, a chara,

Ó 2013 i leith, táimid ag cur fáilte roimh mhúinteoirí, ceannairí scoile, agus páirtithe leasmhara eile san oideachas chun teacht le chéile ag FÉILTE, áit ar féidir leo ceiliúradh a dhéanamh ar an ngairm iontach agus ar na nuálaíochtaí a tharlaíonn i scoileanna na hÉireann gach lá.  

Céard é FÉILTE? 

Is acrainm é FÉILTE, agus seasann sé do Festival of Education In Learning and Teaching Excellence (Féile Oideachais don Bharr Feabhais san Fhoghlaim agus sa Teagasc). Is ceiliúradh é ar bharr feabhais an teagaisc in Éirinn, agus bíonn sé ar siúl i mí Dheireadh Fómhair gach bliain, ag an am céanna le Lá Domhanda na Múinteoirí.

Na cúiseanna ar cheart freastal air?   

  • Tá rogha de 16 cheardlann, 40 sárthaispeántais ó thaispeántóirí, agus 10 sheisiún Gasta ann.
  • Díospóireacht phainéil ar an téama 'Cruthaitheacht faoi Lán Seoil'. 
  • Breathnaigh ar na buanna áitiúla i Mol Cruthaitheach Laoise. 
  • Buail isteach sa spás MNC le haghaidh cupán tae.
  • Tabhair cuairt ar stalla na Comhairle Múinteoireachta, áit a mbeidh muid sásta aon cheisteanna atá agat dúinn a fhreagairt.
  • Is féidir tinreamh a chur san áireamh le haghaidh d'uaireanta Pháirc an Chrócaigh (le cead do phríomhoide). Beidh deimhnithe tinrimh ar fáil i ndiaidh an imeachta.
  • Comhlíonann Múinteoirí Nua-Cháilithe ceann de na critéir don Droichead, mar go gcáilíonn an ócáid seo mar ghníomhaíocht foghlama ghairmiúil. Beidh deimhnithe tinrimh ar fáil i ndiaidh an imeachta. 
  • Bain sult as lón in aisce agus cuir aithne ar chomhghleacaithe.

Cén áit a mbeidh FÉILTE 2023 ar siúl?

Reáchtálfar FÉILTE 2023 ag suíomh spreagúil, i scoil Shóisearach agus scoil Shinsearach an Teaghlaigh Naofa i bPort Laoise Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair, ó 9 rn go 2:30 in.

Cad é téama FÉILTE 2023?

Is é an téama le haghaidh FÉILTE 2023 ná 'Cruthaitheacht faoi Lán Seoil', a scrúdófar trí cheardlanna éagsúla, sárthaispeántais, díospóireacht phainéil, agus gníomhaíochtaí eile ag comh-mhúinteoirí.

Cá bhfeicfidh mé cad atá ar siúl?

Tá an clár imeachtaí ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Beidh nuashonruithe ar fáil freisin ar ár leathanaigh Facebook, Instagram agus X (Twitter roimhe seo).

Conas is féidir liom ticéid a fháil do FÉILTE 2023?

Tá na ticéid ar fáil trí | Eventbrite. Tá táille €10 ann, a aisíoctar nuair a bhíonn tú i láthair ag an ócáid. Gearrtar an táille seo chun ligean dúinn na huimhreacha tinrimh a bhainistiú ar an lá ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta.

Dealraíonn sé gur an-ócáid a bheidh i FÉILTE do mhúinteoirí teacht le chéile, foghlaim, taithí a roinnt, agus ceiliúradh a dhéanamh ar a ngairm agus an téama 'Cruthaitheacht faoi Lán Seoil' á fhiosrú acu.

Táimid ag tnúth le sibhse a fheiceáil ag FÉILTE. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le communications@teachingcouncil.ie, le do thoil.


Le gach dea-mhéin,

Avril Lennon
Cumarsáid

© 2023 An Chomhairle Mhúinteoireachta

Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire W23 Y7X0

r: info@teachingcouncil.ie  I  www.teachingcouncil.ie

Cliceáil anseo le díchlárú a dhéanamh / Click here to unsubscribe

Pholasaí Príobháideachta nuashonraithe na Comhairle