Guthanna san Oideachas - Cad atá tábhachtach do Phobail Scoile Áitiúla?

Cuireadh chuig cruinniú

Déardaoin, 9 Feabhra 2023

16.30 - 18.00

Is rannpháirtíocht thrialach é an cruinniú Zoom seo atá mar chuid de thionscadal níos leithne atá maoinithe ag an Aontas Eorpach tríd an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht na Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach sa Choimisiún Eorpach chun samhail de rannpháirtíocht pobail áitiúil a fhorbairt chun tacú le ceapadh beartais oideachais in Éirinn. 

Reáchtáladh roinnt imeachtaí rannpháirtíochta trialacha faoin tionscadal seo, i Laois agus i gCiarraí le déanaí. Is deis é an cruinniú seo tuairimí grúpa leathan daoine in Éirinn a chloisteáil, chun a fháil amach an bhfuil an t-eispéireas céanna ag rannpháirtithe an chruinnithe leo siúd i Laois agus i gCiarraí.

Roinnfear aiseolas ó imeachtaí le déanaí agus tabharfar cuireadh do rannpháirtithe an chruinnithe léargas breise a thabhairt.

Beidh an cruinniú á óstáil ag Chris Chapman ó Choláiste Ealaíne Bhoirne, agus á mheasúnú ag an  Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha chun críocha an tionscadal níos leithne a chur ar an eolas.

Cad a bheidh á phlé?

  • Próisis chomhairliúcháin san oideachas - cad ba mhaith leat comhairle a fháil faoi, agus conas?

  • Téamaí a tháinig chun cinn as imeachtaí roimhe seo, lena n-áirítear:
    • an poitéinseal atá ann d'oideachas nios ionchuimsithí agus níos éifeachtaí do líon níos daoine, agus
    • am - cad a chuirtear agus cad nach gcuirtear in ord tosaíochta i scoileanna?

Cé a bheidh ann?

Múinteoirí agus tuismitheoirí ar fud na hÉireann, chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí oideachais eile, lena n-áirítear:

  • Chris Chapman, Coláiste Ealaíne Bhoirne (Óstach)
  • Catherine Doolan, Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann
  • Sharon Browne, BOO Chiarraí
  • Ionadaithe ón gComhairle Mhúinteoireachta agus ó chomhlachtaí náisiúnta eile, ón ECFE, agus ón gCoimisiún Eorpach

Ní féidir ar bhealach ar bith glacadh leis na tuairimí a cuireadh in iúl anseo mar thuairim oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

© 2023 An Chomhairle Mhúinteoireachta, Bloc A , Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad,

Co. Chill Dara, W23 Y7X0 


e: info@teachingcouncil.ie  I  www.teachingcouncil.ie

Cliceáil anseo le díchlárú a dhéanamh / Click here to unsubscribe

Teaching Council Privacy Policy