Beidh FÉILTE 2022 ar siúl Dé Sathairn an 1 Deireadh Fómhair sa Helix, Baile Átha Cliath.

Is é FÉILTE Féile Oideachais bhliantúil i mBarrfheabhas na Foghlama agus an Teagaisc.

Tá FÉITE tar éis fás ó lucht féachana de 150 duine in 2012 go dtí ceann de na tionóil múinteoirí is mó síos tríd an oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus tríd an mbreisoideachas. I mbliana, beidh sé ina ócáid níos speisialta agus 10 mbliana de chuid FÉILTE á chomóradh againn agus tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach linn chun an nuálaíocht agus an obair chruthaitheach atá déanta ag múinteoirí agus ag ceannairí scoile a cheiliúradh ar fud an phobail scoile uile.

D’éisteamar agus ghlacamar le do chuid aiseolais ó 2021 agus tá na gnéithe ar líne á gcoinneáil againn a raibh an-tóir agaibh orthu. I mbliana, tar éis a bheith ar líne ar feadh dhá bhliain, tá ríméad an tsaoil orainn a fhógairt go bhfuilimid ar ais le hócáid hibrideach bheo ina bhfuil gnéithe beo go pearsanta agus gnéithe beo sruthaithe ó chian.

Tá ríméad orainn a bheith ar ais go pearsanta le haghaidh FÉILTE 2022 agus táimid ag súil le teacht le chéile arís leat agus scéalta, modheolaíochtaí teagaisc, acmhainní, agus smaointe a chomhroinnt, agus chomh tábhachtach céanna, an rud is mó a thaitneodh leat is cuma cén rogha a bheadh agat, a roinnt leat.

Ar an lá, déanfaidh aoichainteoirí agus plé painéil na comhráite a éascú ar raon réimsí topaicí i gcúrsaí oideachais.

Is mian linn go léireoidh FÉILTE an teagasc agus an fhoghlaim iontach atá ar siúl síos tríd an oideachas bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachas. Déan iarratas thíos chun do scéal a roinnte faoi na cleachtais atá ar bun agat, faoi na smaointe ar bhain tú triail astu, agus faoi na rudaí a mholfá do mhúinteoirí eile.

Facebook Link
Twitter Link
LinkedIn Link
Instagram Link

© 2022  An Chomhairle Mhúinteoireachta, 

Bloc A , Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0, Éire

e: info@teachingcouncil.ie  I  www.teachingcouncil.ie

Cliceáil anseo le díchlárú a dhéanamh / Click here to unsubscribe

Pholasaí Príobháideachta nuashonraithe na Comhairle