A chara, Beidh FÉILTE, an fhéile a cheiliúrann gairm na múinteoireachta, ag filleadh ar an Helix i mBaile Átha Cliath, Dé Sathairn, 1 Deireadh Fómhair 2022, mar ócáid hibrideach bheo agus ar líne! Tá áthas an domhain orainn go mbeidh Declan Coyle linn mar phríomhchainteoir. Is é Declan údar The Green Platform, leabhar a bhfuil ardéileamh air, modheolaíocht nuálach - “bogearra anama” mar adéarfá – atá ina spreagadh agus ina ghnríosú d’an-chuid daoine ar fud na cruinne Bí linn an lá sin le haghaidh raon seóthaispeántas agus ceardlann idirghníomhach á stiúradh ag múinteoirí chomh maith le TeachMeet, StudentMeet, LeadershipMeet, Comhrá Taighde agus go leor eile. Bí ag éisteacht le trí phlé painéil ar a bhfuil múinteoirí, múinteoirí faoi oiliúint agus ceannairí scoile ó áiteanna ar fud na tíre páirteach iontu: 1. Meas: Meas a Mheabhrú, a Léiriú agus a Athshamhlú 2. Eispéireas na Múinteoirí faoi Oiliúint – Deis don Scoil Uile 3. Dea-bhail sa seomra foirne Beidh an freastal saor in aisce, ach cuirfear muirear tosaigh €15 i bhfeidhm, a dhéanfar a aisioc ach tú freastal a dhéanamh an lá sin. Déan iarratas le haghaidh do thicéad anois agus bíodh gairm na múinteoireachta á ceiliúradh againn. Tá físeán thíos – caith súil air go bhfeicfidh tú céard is féidir a bheith ag súil leis ag an ócáid i mbliana. |