22 Feabhra 2023

A chara, 

Is í an Chomhairle Múinteoireachta a choimeádann Clár na Múinteoirí in Éirinn. Tá sé ríthábhachtach go gcoimeádfá do shonraí cothrom le dáta, chun cruinneas an Chláir a choinneáil agus chun a  chinntiú go bhfaighidh tú gach fógra agus teachtaireacht thábhachtach. 

An raibh a fhios agat gur féidir leat do shonraí a athrú go tapa agus go héasca trí do Chuntas Tairseach Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta?

Logáil isteach ar do thairseach Mo Chlárú ag am agus áit is fearr leat, ag baint úsáide as aon ghléas atá agat, cliceáil ar an gcnaipe Mo Shonraí Pearsanta agus lean na treoracha simplí chun na sonraí riachtanacha a athrú.  

I measc roinnt samplaí de chúiseanna coitianta chun do shonraí a nuashonrú tá: 

  • An bhfuil d'ainm athraithe agat? Is féidir leat d’fhianaise ar athrú ainm a uaslódáil, mar shampla teastas pósta nó deimhniú gníomhais aonpháirtí ar do thairseach Mo Chlárú.

  • Ar bhog tú go teach eile nó ar athraigh tú do sheoladh? Is féidir leat do shonraí a athrú go tapa agus go héasca trí do Chuntas Tairseach Mo Chlárú.

  • An bhfuil do shonraí teagmhála athraithe? Is féidir leat d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú ar do thairseach Mo Chlárú. 

Má tá fadhbanna agat logáil isteach ar do thairseach Mo Chlárú, cliceáil  anseo le haghaidh eolais ar ár leathanach Ceisteanna Coitianta. 

Le dea-mhéin,

Siobhán Healy 
Ceann Clárúcháin 

© 2023 An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0, Éire

r: eolas @teachingcouncil.ie       www.teachingcouncil.ie

Beartas Príobháideachais / Privacy Policy