Samhail de rannpháirtíocht áitiúil a fhorbairt chun ceapadh polasaithe oideachais a neartú in Éirinn

Imeacht Piarfhoghlama Idirnáisiúnta á reáchtáil ag an ECFE

27 Aibreán 2022  16.15 - 18.15 (Am na hÉireann)
ar líne trí Zoom

A chara,

Tá súil agam go bhfuil tú go maith.

Táim ag scríobh chugat chun cuireadh a thabhairt duit freastal ar imeacht piarfhoghlama idirnáisiúnta atá á reáchtáil ag an (ECFE) agus a bheith rannpháirteach ann chun plé a dhéanamh ar fhorbairt na samhla de rannpháirtíocht áitiúil chun an ceapadh polasaithe oideachais a neartú in Éirinn.

Agus an scóip á haithint chun na próisis rannpháirtíochta páirtithe leasmhara a neartú níos mó i gcóras oideachais na hÉireann, in 2019, reáchtáil an Chomhairle Mhúinteoireachta scéim phíolótach trína próiseas “ Bringing Education Alive for our Communities On a National Scaleas Béarla (Beocht a Chur i gCúrsaí Oideachais Dár bPobail ar Scála Náisiúnta)” (BEACONS), chun samhail de chomhráite a fhorbairt idir múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí/caomhnóirí agus scoláirí.

Chun tógáil ar mhóiminteam BEACONS, agus chun forbairt a éascú ar shamhail nuálach de rannpháirtíocht pobal áitiúla in Éirinn, cuireadh tionscadal ar a dtugtar “Samhail de rannpháirtíocht áitiúil a fhorbairt chun ceapadh polasaithe oideachais a neartú in Éirinn” faoi Chomhaontú Deontais idir Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh don Tacaíocht um Athchóiriú Struchtúrach (DG REFORM) agus an ECFE. 

Is é aidhm an imeachta phiarfhoghlama idirnáisiúnta seo ná chun samhlacha de rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a chur i láthair i dtíortha ECFE agus chun cur leis an bplé náisiúnta atá ar siúl in Éírinn. Tá sé mar chuid de shraith aschur atá curtha ar fáil laistigh den tionscadal, agus tógann sé ar anailís thosaigh de chóras oideachais na hÉireann atá dréachtaithe ag an ECFE. Tá an anailís thosaigh seo bunaithe ar eolas atá curtha ar fáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus ag cruinnithe grúpaí fócais agus ag páirtithe leasmhara oideachais de chuid na hÉireann.

Le linn an tseimineáir, tugtar cuireadh do rannpháirtithe aiseolas a chur ar fáil agus a bheith rannpháirteach go phlé, mar go dtiocfaidh siad le chéile chun:

  • Déan anailís ar na samhlacha rannpháirtíochta páirtithe leasmhara atá ann cheana féin leis an ECFE agus le saineolaithe idirnáisiúnta

  • Plé a dhéanamh faoi ghnéithe samhla ar leith agus príomhthosca comhthéacsúla a shocraíonn cé chomh maith agus a éireoidh leis na samhlacha seo.

  • Moladh a dhéanamhmaidir le gnéithe a d’fhéadfadh a bheith mar chodanna i dtaobh samhla rannpháirtíochta páirtithe leasmhara de chuid na hÉireann i gcúrsaí oideachais.

Ar deireadh, ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun beannachtaí na Cásca a ghuí ort agus tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as briseadh na Cásca.

Le gach dea-mhéin,
        Phil Fox
        Acting Director / Stiúrthóir Gníomhach

Facebook Link
Twitter Link
LinkedIn Link
Instagram Link

© 2022 The Teaching Council, Block A, Maynooth Business Campus, Maynooth, Co. Kildare, Ireland, W23 Y7X0

e: info@teachingcouncil.ie  I  www.teachingcouncil.ie

Cliceáil anseo le díchlárú a dhéanamh / Click here to unsubscribe

Pholasaí Príobháideachta nuashonraithe na Comhairle