23 Feabhra 2023

A Chara,

Is mór an onóir agus an phribhléid dom mé féin a chur in aithne daoibh mar Stiúrthóir Nua na Comhairle Múinteoireachta. Táim ag súil go mór le bheith ag obair i gcomhar le comhaltaí agus baill foirne na Comhairle agus sinn ag leanúint leis an obair thábhachtach atá ar siúl maidir leis na hardchaighdeáin atá i réim i ngairm na múinteoireachta a chur chun cinn agus iad a rialú.

Mar is eol daoibh, tá ról straitéiseach ag an gComhairle, i gcomhar leis an Roinn Oideachais, a chinntiú go soláthraítear a dhóthain múinteoirí cláraithe a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu le gur féidir freastal ar riachtanais shainaitheanta an chórais scoile.

Le bheith incháilithe le haghaidh fostaíochta i bpost múinteoireachta maoinithe ag an Stát nó chun maoirseacht a dhéanamh ar na Scrúduithe Stáit, caithfidh múinteoirí a gclárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta a choimeád. Is féidir le múinteoirí an tairseach ar líne Mo Chlárúchán a úsáid chun a gclárúchán a choimeád.

Mar mhúinteoir cláraithe seans go mbeadh spéis agat in eolas faoi na rialacha reatha maidir le dul i mbun oibre mar mhúinteoir ionaid tar éis dul ar scor.

Faoi na rialacha reatha atá i bhfeidhm in 2023, is féidir le múinteoirí ar scor obair mar mhúinteoir suas go 50 lá in aon bhliain féilire, gan imní a bheith orthu go dtiocfaidh rialacha maidir le ‘laghdú' pinsin i bhfeidhm. Is féidir teacht ar a thuilleadh sonraí, lena n-áirítear samplaí oibrithe maidir le conas a théann obair mar mhúinteoir ionaid i bhfeidhm ar do phinsean, ag www.gov.ie/Múinteoiríatáarscor.

Fógraítear poist le haghaidh múinteoir ionaid ar Chuardaitheoir Múinteoirí Ionaid, seirbhís arna cur ar fáil ag www.educationposts.ie – is féidir le múinteoirí ar scor a gcuid sonraí a chlárú ar Chuardaitheoir Múinteoirí Ionaid, chomh maith le cathain a bheidh siad saor le haghaidh oibre.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat as tacú linn i gcónaí.

Le gach dea-ghuí,

Dr Lynn Ramsey
Director/Stiúrthóir

© 2023 An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, W23 Y7X0, Éire

r: eolas @teachingcouncil.ie       www.teachingcouncil.ie

Beartas Príobháideachais / Privacy Policy