A Chara,

I gcomhthéacs staid na sláinte poiblí agus mar aitheantas ar a dhúshlánaí is atá sé do go leor scoileanna múinteoirí ionaid a fháil ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile, thug an Chomhairle Mhúinteoireachta leasú isteach le déanaí ar Rialacháin (Clárúchán) na Comhairle Múinteoireachta.

Is í an tAire Oideachais Norma Foley TD, a shínigh an leasú seo in éineacht le Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, Michelle Keane, agus liom féin i mo ról mar Stiúrthóir Gníomhach na Comhairle Múinteoireachta.

Foráiltear leis an leasú seo, faoi cheangal ama, gur féidir le múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile a cháiligh lasmuigh d'Éirinn cur isteach ar chlárúchán agus a n-ionduchtú a chríochnú anseo in Éirinn, ag brath ar na ceanglais incháilitheachta agus cháilíochta a chomhlíonadh. 

Ón 22 Feabhra 2023 ar aghaidh, glacfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta le hiarratais ar chlárúchán ó mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoileanna a cháiligh lasmuigh d'Éirinn ach nach bhfuil an tréimhse ionduchtaithe is gá déanta acu go fóill sa tír inar cháiligh siad.

Má tá cara nó duine muinteartha agat nó má tá aithne agat ar dhuine ar bith laistigh de do líonra gairmiúil atá cáilithe nó atá ar tí cáiliú mar mhúinteoir lasmuigh d'Éirinn, molaimid duit an scéala tábhachtach seo a chur ar a súile dóibh.

Glacfar le hiarratais ón 22 Feabhra 2023 go dtí an 1 Feabhra 2024. Is féidir teacht ar eolas faoi cheanglais incháilitheachta agus faoi conas cur isteach ar chlárúchán ar www.teachingcouncil.ie

Cabhróidh an gníomh seo ón gComhairle Mhúinteoireachta le deacrachtaí maidir le soláthar múinteoirí a mhaolú.

Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leat as tacú linn i gcónaí agus as a dhúthrachtaí agus a oibríonn tú mar mhúinteoir cláraithe i mbun tacú le daltaí agus le scoileanna ar fud na tíre. 

Phil Fox
Acting Director / Stiúrthóir Gníomhach

Sub Seeker

Mura bhfuil tú ag obair faoi láthair nó má tá tú in ann seasamh isteach mar mhúinteoir ionaid ar bhealach ar bith, molaimid duit do shonraí a chlárú leis an gCuardaitheoir Múinteoirí Ionaid ar www.educationposts.ie

Is seirbhís in aisce í an Cuardaitheoir Múinteoirí Ionaid laistigh de  www.educationposts.ie  a éascaíonn earcaíocht múinteoirí cláraithe ar bhonn sealadach agus is foinse ríthábhachtach í de mhúinteoirí ionaid do scoileanna.

Nóta do phríomhoidí scoile

Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir le haon mhúinteoir cláraithe, beag beann ar an mbealach a thóg siad chun cláraithe (bunscoil, iar-bhunscoil, breisoideachas, múinteoir faoi oiliúint), seasamh isteach mar mhúinteoir ionaid ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile araon agus níl siad faoi cheangal ag an riail cúig lá.

© 2023 The Teaching Council
Block A, Maynooth Business Campus, Maynooth, Co. Kildare, Ireland | W23 Y7X0

e:  info@teachingcouncil.ie w:  www.teachingcouncil.ie

Beartas Príobháideachais / Privacy Policy