A chara, Is féidir ár gclár FÉILTE agus treoir do na seóthaispeántais a íoslódáil anois. Go raibh maith agaibh, a phobal mór múinteoirí agus ceannairí scoile as gach cearn d’Éirinn, a thabharfaidh seóthaispeántais agus a mbeidh modheolaíochtaí, acmhainní, smaointe, taighde agus nuálaíochtaí á gcomhroinnt agaibh ó earnálacha an bhunoideachais, an iar-bhunoideachais agus an bhreisoideachais. Tá ríméad orainn go ndéanfaidh Bernie McNally, Ardrúnaí sa Roinn Oideachais, an ócáid a oscailt, agus go dtabharfaidh Michelle Keane, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta, aitheasc ansin. Tapaigh an deis chun éisteacht le Declan Coyle, ár n-eochairchainteoir. Is é Declan údar an leabhair shárdhíola, The Green Platform , modheolaíocht nuálach don “bhogearra inmheánach” atá tar éis uchtach agus spreagadh a thabhairt d’an-chuid daoine ar fud na cruinne. Bí linn an lá sin, le haghaidh: - Ceardlanna idirghníomhacha
- Seóthaispeántais faoi stiúir múinteoirí
- TeachMeet
- StudentMeet
- LeadershipMeet
- Comhrá Taighde agus go leor eile
Níl costas ar bheith ag freastal, mar sin féin gearrfar éarlais €14.99 ort, a aisíocfar leat tar éis duit freastal ar FÉILTE 2022. Déan iarratas le haghaidh do thicéid anois agus bímis ag ceiliúradh ghairm na múinteoireachta agus á cur chun cinn. Coinnigh súil amach do leathanaigh shóisialta na Comhairle Múinteoireachta.. Táimid ag tnúth le fáiltiú romhat chuig FÉILTE 2022. Le gach dea-mhéin Foireann FÉILTE |