Taighde in Úsáid sa Scoil
Téama 7: Litearthacht
A chara,
Cuireadh foireann nua acmhainní le An Taighde a Úsáid sa Scoil, rannóg ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta. Díríonn na hacmhainní ar an Litearthacht agus gheofar anseo iad.
Tá an Litearthacht ar na sé réimse foghlama a leagtar béim orthu in Cosán, an creat náisiúnta d’fhoghlaim na múinteoirí. Ar na hacmhainní a a bhfuil fáil orthu tá ceardlanna, achoimrí gearra ar thaighde, ríomhLeabhair agus ailt, agus baint acu uile le topaic na Litearthachta.
Tá súil againn go mbeidh sé níos éasca do scoileanna, a bhuí leis na hacmhainní sin, teacht ar thaighde ábhartha i bhformáid a fheileann dóibh.
Le gach dea-mhéin, An Fhoireann d’Fhoghlaim agus Taighde na Múinteoirí