Athbhreithniú ar Bheartas Droichead Tá an Chomhairle freagrach as gcaighdeáin a bhunú chun treoir a thabhairt agus tacú le próisis ionduchtaithe atá riachtanach ar bhonn reachtúil agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do mhúinteoirí cláraithe (Droichead). Cruthaíonn sé seo tagarmharcanna córasacha a thacaíonn leis na céimeanna tosaigh de ghairm bheatha an mhúinteora agus spreagann sé foghlaim ghairmiúil leanúnach ar feadh a ngairme. Chuir an Chomhairle Mhúinteoireachta tús le hathbhreithniú ar Bheartas Droichead in 2023, agus é mar aidhm acu an tacaíocht is fearr a chinntiú do mhúinteoirí nuacháilithe (MNCanna) agus na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach dá gcuid daltaí. Cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích i mí an Mhárta 2025 tar éis taighde agus comhairliúchán cuimsitheach a dhéanamh chun na réimsí a leagtar amach sa léaráid thíos a chlúdach. Fanfaidh an beartas reatha Droichead i bhfeidhm go dtí Meán Fómhair 2026. |