A chara, Táimid ag glacadh le hiarratais don Scéim Sparánachtaí Féilte 2025 ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta faoi láthair. Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar sparánachtaí de €2,000 nó €5,000 chun tacú le gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla comhoibríocha, le ciste sparánachta iomlán de €125,000. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar an Mol Féilte. Is é Dé hAoine an 31 Deireadh Fómhair ag 6pm an dáta deiridh d’iarratais. |