16 Deireadh Fómhair 2025

A chara,

Rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta a rialacháin chlárúcháin a leasú. Shínigh an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee  Rialacháin [Clárúcháin] na Comhairle Múinteoireachta, 2025 ina ndlí ar an 16 Deireadh Fómhair 2025. Tiocfaidh na rialacháin nua seo i bhfeidhm in ionad Rialacháin [Clárúcháin] na Comhairle Múinteoireachta, 2016 atá ann faoi láthair.  

Rinneadh na leasuithe ar na Rialacháin tar éis don Chomhairle athbhreithniú tréimhsiúil a chur ar bun ar na rialacháin chlárúcháin atá ann faoi láthair. Neartaíonn na rialacháin seo cumas na Comhairle a cuspóir a bhaint amach maidir le caighdeáin mhúinteoireachta a choinneáil agus gairm na múinteoireachta a rialáil. Tionóladh comhairliúchán pobail maidir leis na rialacháin leasuithe ón 27 Lúnasa go dtí an 27 Meán Fómhair 2024.  

Cuireann ceann de na leasuithe ar chumas múinteoirí atá cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann iarratas a dhéanamh ar chlárú agus a n-ionduchtú a  chomhlánú i bPoblacht na hÉireann, faoi cheangal ama. riachtanais shonracha incháilitheachta agus cáilíochta i gceist faoin bhforáil seo. Osclófar an fhoráil seo atá faoi cheangal ama le haghaidh iarratas ar an 22 Deireadh Fómhair 2025 agus dúnfar é ar an 31 Nollaig 2027.  

Le gach dea-mhéin,

Siobhán Healy

Ceann Clárúcháin


© 2025 An Chomhairle Mhúinteoireachta 
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0 

ríomhphost: info@teachingcouncil.ie       suíomh gréasáin: www.teachingcouncil.ie

Beartas Príobháideachais / Privacy Policy