Fáilte chuig an tríú seimineár gréasáin i sraith 2021 'Foghlaim don Uile Dhuine' ón gComhairle Mhúinteoireachta agus ón tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) ina bhfuil sé mar aidhm againn tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim agus dea-smaointe a thabhairt le chéile ar fud na bpobal scoile.
Tá an seimineár gréasáin seo ag díriú ar an gceannaireacht inár scoileanna i rith na hathoscailte céimnithe, agus leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh agus leis na comhpháirtíochtaí laistigh de phobal na scoile. Is áiteanna casta iad scoileanna a bhíonn ag forbairt diaidh ar ndiaidh, inar féidir le ceannaireacht éifeachtach agus inbhuanaithe a bheith ina tasc dúshlánach.
Pléifidh an painéal an ról atá ag pobal uile na scoile sa cheannaireacht agus an ról atá aici le cumhacht a thabhairt do mhúinteoirí, tuismitheoirí, scoláirí agus daoine eile. Beidh béim ar leith ar na ceannairí meánacha sa chiall is leithne den téarma sin.
Éascaitheoir - Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
- Cillian Doyle, Scoláire iar-bhunscoile, Scoil na mBráithre Críostaí (CBS), Loch Garman
- Jennifer Cherry, Ceannaire ATP i Scoil Náisiúnta Shinsearach Naomh Proinsias Xavier
- Linda Rogers, Múinteoir i bPobalscoil na Gráinsí, Loch Garman
- Rachel O'Connor, Príomhoide Phobalscoil na Gráinsí, Loch Garman
- Stephen Gammell, Ceannaire Foirne leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST)
|
Is féidir clárú anois don seimineár gréasáin beo ar an 28 Aibreán
|
Tacaíochtaí Ceannaireachta SFGM
|
Is foireann ceannairí scoile í Foireann Cheannaireachta SFGM a bhfuil taithí acu agus a chuireann réimse leathan tacaíochtaí aonair agus foirne ar fáil do cheannairí scoile. Clúdaíonn sé seo cláir, seimineáir agus ceardlanna chomh maith le tacaíochtaí inscoile le haghaidh ceannairí aonair agus foirne ceannaireachta.
Tarraingímid bhur n-aird go háirithe ar na tacaíochtaí seo a leanas atá ar fáil a bhaineann le comhthéacs an tseimineáir ghréasáin atá ag teacht aníos.
Seimineár um Cheannaireacht Ábhair
Tá seimineár lae iomláin nuadheartha á éascú ag Foireann Cheannaireachta SFGM chun tacú le scoileanna le cuir chuige sa scoil uile i dtreo ceannaireachta ábhair agus pleanála ábhair. Tá sé seo ar fáil do scoileanna atá ag iarraidh tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann le ceannaireacht ábhair ag leibhéal na scoile uile. Is beirt cheannairí ábhair agus ball den ardbhainistíocht sa scoil iad rannpháirtithe an tseimineáir.
Cathain a bheidh siad?
Cuirfear na seimineáir seo ar fáil ar líne ar an 20ú, 27ú agus 28ú Aibreán, 2021.
Tá tuilleadh eolais agus an próiseas iarratais ar fáil ag https://www.pdst.ie/pp/leadership/subjectleadership
Comhar
Is clár forbartha gairmiúla é 'Comhar' atá deartha chun forbairt a dhéanamh ar scileanna ceannaireachta na bPríomhoidí Cúnta lena n-éifeachtúlacht a fheabhsú ionas gur féidir leo feidhmiú go héifeachtach le go mbeidh tábhacht straitéiseach ag baint leo ina scoileanna. Faigheann sé maoiniú iomlán ó chlár na Roinne Oideachais agus Scileanna a bhreathnaíonn ar na téamaí ceannaireachta d'fhís, cultúr, ról, ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc, athrú, cumarsáid, coinbhleacht agus folláine. Baintear úsáid as creat cáilíochta Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2016 síos tríd an gclár chun fiosrú a dhéanamh ar an teagasc, foghlaim agus ceannaireacht ardchaighdeáin. Mar thoradh ar Comhar tá an deis curtha ar fáil do rannpháirtithe breathnú ar na héilimh i gcomhthéacs na ndúshlán reatha agus cuidítear le ceannairí scoile tógáil ar a scileanna, eolas agus dearcthaí trí mhachnamh a dhéanamh ar an gcleachtas, comhrá agus tionsnaimh scoile.
https://www.pdst.ie/primary/comhar https://www.pdst.ie/post-primary/comhar Tá an próiseas iarratais le tosú i mí Mheán Fómhair 2021
Tánaiste
Is clár forbartha gairmiúla aon bhliain amháin é Tánaiste le haghaidh Príomhoidí Tánaisteacha Nuacheaptha a d'fhorbair an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM/PDST). Is é aidhm an chláir tacú le Príomhoidí Tánaisteacha thar thréimhse na chéad bhliana a bhíonn acu mar cheannairí scoile sinsearacha. Tá Foireann an chláir Tánaiste tiomanta d'fhorbairt a dhéanamh ar eolas agus muinín na rannpháirtithe chomh maith le príomhscileanna ceannaireachta agus meonta a chuideoidh leo coimeád ag imeacht ina róil nua.
https://www.pdst.ie/post-primary/tanaiste-application https://www.pdst.ie/primary/tanaiste-application Tá na hiarratais oscailte anois.
Líonra
Is é is Líonra ann líonraí cleamhnaithe do Phríomhoidí Tánaisteacha Iar-Bhunscoile a chuireann an fhorbairt phearsanta chomh maith leis an bhforbairt ghrúpa chun cinn. Sna seisiúin déantar fiosrú maidir le saincheisteanna ceannaireachta reatha, déantar an fhoghlaim ghairmiúil a éascú agus comhroinntear an dea-chleachtas. Déanann siad forbairt freisin ar na bunphrionsabail maidir le ceannaireacht dháilte sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas.
Tá Tacaíocht Líonra ar fáil dóibh siúd a chuir an clár Tánaiste i gcrích. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le lindahogan@pdst.ie
Tacaíocht scoile um Cheannaireacht
Is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh ar réimse leathan tacaíochta sa cheannaireacht scoile trí phróiseas tacaíochta na scoileanna. Clúdaíonn siad seo tacaíocht don Fhéinmheastóireacht Scoile, forbairt ceannaireachta seachtraí, tús áite a thabhairt do na struchtúir cheannaireachta laistigh den scoil agus athbhreithniú a dhéanamh orthu.
Tá na hiarratais oscailte ag https://pdst.ie/schoolsupport
Forbairt
Is clár aon bhliain amháin é Forbairt a chuireann an deis ar fáil do scoileanna atá rannpháirteach chun cur lena gcuid eolais agus tuisceana agus chun iad a shaibhriú maidir le cur i bhfeidhm agus forbairt feabhsúcháin scoile.
Tá sé curtha ar fáil d'fhoireann ceannaireachta scoile, atá déanta suas den phríomhoide, príomhoide tánaisteach agus duine amháin nó beirt eile ceannairí scoile. Tá sé tógtha ar shamhail d'fhoghlaim ghníomhaíochta agus tá sé deartha chun tacú le ceannairí scoile forbairt a dhéanamh ar a n-inniúlacht ceannaireachta féin, inniúlacht ceannaireachta daoine eile agus fiosrú a dhéanamh faoin gceannaireacht i gcomhthéacs a scoile féin.
https://www.pdst.ie/Forbairt/Primary https://www.pdst.ie/Forbairt/Postprimary Beidh na hiarratais oscailte i mí na Bealtaine/mí an Mheithimh 2021 |
|
|