The Teaching Council has sent you this email. To ensure you don't miss future email updates, please add teachingcouncil@circulator.ie to your email address book or safe list. If this email does not display properly, you can click here to view it in your web browser »
An tsraith seimineár beo
The Teaching Council  + PDST
Ag Díriú ar an Am i Láthair – A Tacú le Scoláirí a bhfuil Riachtanais Oideachais Bhreise agus Riachtanais Speisialta Oideachais acu
Dé Céadaoin, 24ú Feabhra, 4.30pm
Cláraigh    →
Cuir aithne ar an bpainéal

Éascaitheoir – Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ​

  • Don Golden, Príomhoide de Scoil Bernadette, Montenotte
  • Geraldine O'Loughlin, Comhairleoir de chuid na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)
  • Terri Doyle, Tuismitheoir de scoláire iarbhunscoile
  • Heather O'Doherty, Múinteoir bunscoile de rang speisialta i Firhouse ETNS
  • Megan Murphy Fields, Scoláire iarbhunscoile
Fáilte chuig an dara seimineár gréasáin i sraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ina bhfuil sé mar aidhm againn tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim agus dea-smaointe a thabhairt le chéile ar fud na bpobal scoile.

Beidh an painéal ag díriú ar thacaíocht a thabhairt don teagasc agus don fhoghlaim dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu, ar a dtugtar RSO freisin. Beidh an deis ag na daoine ar an bpainéal cuntas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil siad ag déileáil le cúrsaí faoi láthair, ag filleadh ar scoil san áireamh, rudaí atá ag oibriú go maith dóibh agus na dúshláin atá rompu. Pléifear an tábhacht a bhaineann le bheith i dteagmháil le chéile agus le bheith ag díriú ar a bhfuil tábhachtach díreach anois.

Cabhróidh an seimineár gréasáin linn machnamh a dhéanamh ar dhúnadh na scoileanna an bhliain seo caite agus breathnú ar cad atá difriúil an uair seo, agus cad a d’fhan mar an gcéanna. Déanfar múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí agus scoláirí a threorú freisin chuig tacaíochtaí agus treoir atá praiticiúil.

Tá fáilte romhat topaicí nó ceisteanna a chur isteach chugainn thíos agus cuirfimid iad ar aghaidh go dtí an painéal.
Spreagadh a Thabhairt! Gach rud a bhaineann le Teagasc agus Foghlaim sa Chomhairle Mhúinteoireachta
Lighting a Fire! All things Teaching and Learning
Spreagadh a Thabhairt! Déanann Gach rud a bhaineann le Teagasc agus Foghlaim na bealaí éagsúla a cheangal le chéile ina ndéanann an Chomhairle Mhúinteoireachta cumarsáid le múinteoir agus leis an pobal oideachais i gcoitinne. Ba chóir go mbeadh aoi amháin in aghaidh an eagráin ag gach léiriú, a thugann an t-am agus an spás leis an topaic a fhiosrú i gceart. Beidh an t-aoi-óstach in éineacht le Tomás, a chuidíonn le stíl neamhfhoirmiúil a chruthú inar féidir labhairt faoi thopaicí deacra ar bhealach éasca.
Tá cuimse ábhair ag an gComhairle Mhúinteoireachta ó thaobh seimeár gréasáin agus imeachtaí taifeadta, agus tá súil againn roinnt den ábhar seo a athfhormáidiú isteach sna podchraoltaí ionas gur féidir leis pobal nua a shroicheadh. Rinneamar roinnt de sheisiúin FÉILTE a athfhormáidiú, agus tá súil againn níos mó a athfhormáidiú, ag brath ar chaighdeán fuaime na mbuntaifeadtaí. Faoi láthair tá podchraoladh amháin in aghaidh na míosa á fhoilsiú againn. Tá trí eagrán anois ar chainéal podchraolta na Comhairle Múinteoireachta, agus tá siad ar fáil anseo freisin ar ár suíomh gréasáin:
  1. lSpásanna sábháilte agus tacúla a chruthú i scoileanna agus i gcúrsaí oideachais le haghaidh múinteoirí agus scoláirí LADTI+ (Samhain 2020)
  2. lIs eochairchainteoir í Máire Mhic Róibín, iar-Uachtarán de chuid na hÉireann, ag FÉILTE 2020! (Nollaig 2020)
  3. lAg FÉILTE tugtar aghaidh
Tacaíocht SFGM agus Acmhainní don chianfhoghlaim
Cianfhoghlaim agus Foghlaim Chumaisc
Distance Learning
leathanach cianfhoghlama an tSFGM beo ón 12 Márta, agus gheofar an-chuid acmhainní ansin chun tacú libh chun úsáid éifeachtach a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun dul i ngleic le cianteagasc agus cianfhoghlaim.
Blended Learning Toolkit
Cuireadh go mór leis ó shin a bhuíochas d’Uirlisí SFGM don Fhoghlaim Chumaisc, a gheofar anseo, agus do shraith físeán mínithe YouTube a bheidh ag tacú chun an iliomad uirlisí agus ardán anseo a dhéanamh rannpháirteach.
Acmhainní do Mhúineadh agus Foghlaim Bunscoile agus Iar-bhunscoile
Tabhair faoi deara an méid mór acmhainní bunscoile agus iar-bhunscoile atá ar fáil ar www.Scoilnet.ie suíomh a dhéantar uasdátú air go rialta chun tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí trasna na n-ábhar ar fad. Tá acmhainní ar fáil do na hábhair churaclaim ar fad ag pdst.ie agus don fhadfhoghlaim ag https://www.pdst.ie/DistanceLearning
www.Scoilnet.ie
Cúrsa Múinteoireachta ar Líne
Online Teaching Course
Tá an-tóir ar ár gcúrsa múinteoireachta ar line, 'Teaching Online for Primary and Post Primary Teachers' a thacaíonn le cianteagasc, agus díríonn sé ar conas tús a chur le múineadh ar líne, teacht ar acmhainní oiriúnacha ar líne agus conas iad a úsáid (Scoilnet, Webwise agus World Book ar líne san áireamh), teagmháil a dhéanamh le scoláirí agus d’ábhar féin a chruthú. Tá an cúrsa ar fáil anseo.
Clinicí Buaileadh Isteach don Teicneolaíocht Dhigiteach
Tá foireann na dTeicneolaíochtaí Digiteacha ag soláthar roinnt clinicí buaileadh isteach sna seachtainí atá romhainn más rud é go mbeadh suim agat teacht chun comhairle a fháil nó tacaíocht maidir le haon ghné de theicneolaíocht dhigiteach don mhúineadh, don fhoghlaim agus don mheasúnú. Is féidir na naisc chláraithe thíos a roinnt le baill foirne atá ag iarraidh an deis seo a thapú, agus rachfar i dteagmháil leo trí ríomhphost le ham faoi leith idir 3.30 i.n. – 5.30 i.n. ar a ndáta roghnaithe. Ní mór na gnáth-iarratas le haghaidh tacaíocht scoile a dhéanamh trí na naisc thuas.
Infreastruchtúr TFC
ICT Infrastructure
Is féidir le scoileanna dul i dteagmháil le ictadvice@pdst.ie maidir le ceisteanna faoina infreastruchtúr, nó is féidir ríomhphost a chur chuig braodbandservicedesk@pdst.ie maidir le ceisteanna leathanbhanda.
Tacaíocht Scoile Shaincheaptha
Tailored School Support
Na déan dearmad gur féidir cur isteach ar thacaíocht scoile fhollasach an tSFGM www.pdst.ie/schoolsupport chun cabhair a fháil ó chomhairleoir SFGM chun tacaíocht scoile shaincheaptha a chur ar fáil de réir bhur gcuid riachtanas sna hábhair bhunscoile agus iar-bhunscoile, sláinte agus folláine, ceannaireacht agus gach iarratas maidir le húsáid Teicneolaíochtaí Digiteacha chun tacú le cianteagasc, cianfhoghlaim agus cleachtais mheasúnaithe.
Tacaíochtaí Ceannaireachta
Beidh Foireann Cheannaireachta an tSFGM ar fáil chomh maith chun tacú le ceannairí scoileanna an próiseas cianteagaisc agus cianfhoghlama a stiúradh agus a bhainistiú trí thacaíocht scoile, cláir náisiúnta agus líonraí áitiúla. Is féidir teacht ar thacaíochtaí Ceannaireachta ag na naisc a leanas, chomh maith lenár n-imeachtaí FGL Ceannaireachta.
Déan é a chomhroinnt
Share it
Cliceáil anseo le haghaidh breis eolais faoin tacaíocht atá ar fáil do scoileanna.
Íoslódáil an bileoigín
© 2021 An Chomhairle Mhúinteoireachta Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0 | e:info@teachingcouncil.ie | w:www.teachingcouncil.ie
Á chumhachtú ag Circulator
| Díliostáil »