The Teaching Council
Roinn ar
f in t
Seol chuig Comhghleacaí »
Béarla »
26/02/2021
Tá na hIarratais ar Sheóthaispeántais, Ceardlanna agus Teachmeet ar oscailt anois!
An dáta deiridh ná Déardaoin, an 1 Aibreán 2021! Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh!
An chéad eochairchainteoir le haghaidh FÉILTE na bliana seo ná Roddy Doyle é féin, iarmhúinteoir, comhbhunaitheoir na carthanachta Fighting Words, agus údar 12 úrscéal. Scríobh sé le haghaidh na teilifíse, don scáileán mór agus don stáitse. Scríobh sé seacht leabhar do leanaí freisin, The Giggler Treatment agus Brilliant.

Beidh FÉILTE ar siúl ar líne in 2021 (agus beidh lucht féachana stiúideo beag ann má cheadaítear é faoi threoirlínte an rialtais) agus beidh sé ar fáil ó chompord do bhaile féin, cé acu a bhfuil sé sa Bhraisíl nó i mBéal Átha hAmhnais!
Tá tú ag teastáil uainn!
Is é is FÉILTE ann, an Fhéile Oideachais um Barrfheabhas Foghlama agus Teagaisc, ceiliúradh na múinteoireachta agus na foghlama. Tugann sé deis do mhúinteoirí comhoibriú le chéile agus a gcuid oibre a roinnt le chéile agus leis an bpobal i gcoitinne.
Go bunúsach is é atá i gceist le FÉILTE ná do ghairm a chur ar seóthaispeáint don phobal i gcoitinne. Is deis iontach í bheith i dteagmháil le comhghleacaithe, agus bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí folláine, agus tairbhe a bhaint as forbairt ghairmiúil ag an am céanna. Féadfaidh do thinreamh ag FÉILTE, faoi rogha do phríomhoide, a úsáid i dtreo do chuid uaireanta Pháirc an Chrócaigh.
Déan iarratas anseo chun:

✓ Seóthaispeántas a Bheith Agat
✓ Bheith Rannpháirteach i Scéalta na nDaoine a Bhíonn Seóthaispeántas acu
✓ Ceardlann a Bheith Agat
✓ Bheith Rannpháirteach in TeachMeet
Cliceáil anseo chun féachaint ar shamplaí de sheóthaispeántais! »
Cliceáil anseo chun féachaint ar shamplaí de workshops! »
Buaicphointí ó FEILTE 2020 »
Back to the top »
Cliceáil anseo le do thoil chun athbhreithniú a dhéanamh ar Pholasaí príobháideachais
na Comhairle atá tugtha suas chun dáta.
© 2021 The Teaching Council Block A, Maynooth Business Campus, Maynooth, Co. Kildare, Ireland | W23 Y7X0 | e: info@teachingcouncil.ie | w: www.teachingcouncil.ie
Powered by Circulator
| Unsubscribe »