|
Fáilte,
Tá ríméad orainn ríomhiris na bliana seo a eisiúint chun an Lá Domhanda um Leabhair a chomóradh ar an 4 Márta. San eagrán seo tá naisc chuig rogha ríomhleabhar as bailiúchán ríomhleabhar na Comhairle agus tá súil againn go mbeidh siad mar thacaíocht le do chuid foghlama. Tá na ríomhleabhair i gcomhréir leis na Réimsí Foghlama atá leagtha amach in Cosán, an Chreatlach Náisiúnta um Fhoghlaim Múinteoirí. Ós rud é gur rud casta é an mhúinteoireacht, bíonn fairsinge foghlama múinteoirí an-leathan, agus tugadh sainmhíniú leathan ar na sé réimse foghlama in Cosán chun an fhairsinge sin a léiriú. Tá siad mar seo a leanas:
- Foghlaim Threoraithe
- Folláine
- TFC
- Cuimsiú
- Ag Tacú le Foghlaim Múinteoirí
- Litearthacht agus Uimhearthacht
Tá súil againn go dtugann an rogha ríomhleabhar thíos blaiseadh duit den réimse ábhar a bhfuil fáil air go héasca inár leabharlann ar líne, atá le cur agus le tacú leis an obair dhochreidte leanúnach atá ar siúl inár scoileanna ar fud na tíre. Ní gá duit ach cliceáil a dhéanamh ar theideal leabhair chun breathnú ar achoimre ghairid faoin leabhar, agus ansin tosaigh ag léamh SAOR IN AISCE trínár leabharlann ar líne. Tá na naisc chuig na ríomhleabhair san áireamh i ngach alt. Chun rochtain a dhéanamh ar na ríomhleabhair, ní mór duit logáil isteach ar dtús sa Leabharlann Ar Líne anseo, ag baint úsáid as an ainm úsáideora agus pasfhocal a úsáideann tú chun féachaint ar do shonraí cláraithe. Ansin cliceálann tú ar an mbosca dearg ‘Rochtain ar Irisleabhair Oideachais’ ag bun an scáileáin ar chlé.
Bain Taitneamh as an Léitheoireacht!
Foireann Foghlama agus Taighde na Múinteoirí |
|
COSÁN: RÉIMSÍ FOGHLAMA |
 |
 |
Practical Pedagogy: 40 New Ways to Teach and Learn by Mike Sharples |
|
|
|
|
 |
 |
Live Well, Teach Well: A Practical Approach to Wellbeing that Works by Abigail Mann
|
|
|
|
|
|
|
|
|
 |
 |
Teaching Children Online: A Conversation-based Approach by Carla Meskill and Natasha Anthony
|
|
|
|
|
 |
 |
Understanding Inclusion: Core Concepts, Policy and Practice by Richard Woolley
|
|
|
|
|
|
|
|
|
 |
 |
Common-Sense Evidence: The Education Leader’s Guide to Using Data and Research by Nora Gordon and Carrie Conaway
|
|
|
|
|
 |
 |
The Literacy Leader’s Toolkit: Raising Standards Across the Curriculum 11-19 by Graham Tyrer and Patrick Taylor
|
|
|
|
|
|
|
|
|
 |
 |
100 Ideas for Primary Teachers: Numeracy Difficulties and Dyscalculia by Patricia Babtie |
|
|
|
|
 |
 |
100 Ideas for Secondary Teachers: Supporting Students with Numeracy Difficulties by Patricia Babtie and Sue Dillon
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cuireann an Chomhairle Mhúinteoireachta rochtain saor in aisce ar fáil do mhúinteoirí cláraithe ar leabharlann ar líne le cur lena rochtain ar thaighde oideachais, agus dá bhrí sin ag tacú lena bhfoghlaim ghairmiúil. Ní ghlacann an Chomhairle Mhúinteoireachta freagracht as cruinneas ná caighdeán na n-irisleabhar, na n-alt, na ríomhleabhar, na sleachta agus na suíomhanna gréasáin gaolmhara ná na n-ábhar a ndéantar rochtain orthu trí na hacmhainní seo. Cé go bhfuil na hacmhainní seo san áireamh ní chiallaíonn sé sin go bhfuil aon táirgí, seirbhísí, dearcthaí nó eolas a bhfuil cur síos déanta orthu nó atá ar fáil in aon cheann dá leithéid d’ailt, ríomhleabhair, sleachta agus suíomhanna gréasáin etc. faofa ag an gComhairle Mhúinteoireachta. |
|
|
|
|