Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta a sheol an ríomhphost seo chugat. Lena chinntiú go bhfaighidh tú nuashonruithe ríomhphoist amach anseo, ar mhiste leat teachingcouncil@circulator.ie a chur le do leabhar seoltaí ríomhphoist nó le do liosta sábháilte, le do thoil. Mura bhfuil an ríomhphost seo le feiceáil i gceart féadfaidh tú cliceáil anseo chun breathnú air i do bhrabhsálaí gréasáin »
The Teaching Council
Comhroinn ar
f   in   t
Seol chuig Comhghleacaí »
MÚINTEOIRÍ CLÁRAITHE - BAIN AMACH BARR DO CHUMAIS LEIS AN TRIAIL SEO ATÁ SAOR IN AISCE
MÚINTEOIRÍ CLÁRAITHE - BAIN AMACH BARR DO CHUMAIS LEIS AN TRIAIL SEO ATÁ SAOR IN AISCE
A Chara,

Tá lúcháir ar an gComhairle Mhúinteoireachta a fhógairt, ón 24 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig 2021, go mbeidh rochtain saor in aisce ag na múinteoirí cláraithe uile ar ardán nua ar líne um fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil.

Maidir leis an ardán:

Ar an ardán ar líne, ar a dtugtar Zhrum, baintear úsáid as modheolaíochtaí cóitseála agus cur chuige machnamhach chun taithí forbartha pearsanta iomlánaíche a chur ar fáil. Beidh na húsáideoirí in ann forbairt a dhéanamh ar na láidreachtaí atá acu cheana féin agus ag an am céanna cinn nua a fhorbairt, le linn ama agus in áit atá feiliúnach dóibh.

Cén maitheas a dhéanfaidh sé domsa?

Maidir le forbairt phearsanta, uaireanta bíonn sé deacair a fháil amach cén áit is fearr le tosú. Le Zhrum, tá na húsáideoirí in ann a mbealach a dhéanamh trí réimse leathan topaicí agus ansin na cinn is mó a bhaineann lena riachtanais fhoghlama a roghnú. Tá cur chuige machnamhach agus féintreoraithe i dtreo na foghlama mar bhonn faoi, atá go hiomlán i gcomhréir leis an gcur chuige solúbtha atá bunaithe ar an bhfoghlaimeoir in Cosán, an chreatlach náisiúnta um fhoghlaim múinteoirí.

Tá sé ag teacht go maith freisin le Droichead, an chreatlach ionduchtúcháin ghairmiúil do mhúinteoirí nuacháilithe (MNCanna). D’fhéadfadh MNCanna úsáid a bhaint as chun a riachtanais fhoghlama ghairmiúla a chomhlíonadh, agus le tacaíocht óna gcomhghleacaithe a bhfuil níos mó taithí acu. Mar shampla, d’fhéadfadh MNCanna, más mian leo, úsáid a bhaint as Zhrum, agus a bpríomhfhoghlaim ón bpróiseas sin, chun tacú nó cur le comhrá gairmiúil lena bhFoirne Tacaíochta Gairmiúla.

Mholfaimis do na múinteoirí uile, is cuma más múinteoirí nuacháilithe iad nó más múinteoirí a bhfuil níos mó taithí acu, triail a bhaint as an acmhainn seo atá saor in aisce le linn na míonna amach romhainn chun tacú leis an bhfás pearsanta agus gairmiúil a dhéanann siad agus chun cuidiú leo dul i ngleic le haon dúshláin a mbeadh i ndán dóibh agus iad ag cleachtadh.
Zhrum
Conas a bhainim leas as an tairiscint?
in aisce ag na múinteoirí uile ar Zhrum go dtí an 31 Nollaig 2021. Má tá tú ag iarraidh bharr do chumais a bhaint amach, go pearsanta agus go gairmiúil, mholfaimis duit leas a bhaint as an tairiscint uathúil seo. Chun é seo a dhéanamh, is gá duit na trí chéim shimplí seo a leanúint:

  1. Cláraigh anseo.
  2. Cláraigh le haghaidh cuntais ag baint úsáid as an modh is fearr leat (Meáin Shóisialta / R-phost)
  3. Nuair a dhéanann tú rochtain ar an ardán, is féidir leat do chuntas a ‘uasghrádú’ tríd an leathanach ‘próifíl’ agus an ceadchomhartha thíos a chur isteach leis an rochtain iomlán a dhíghlasáil.

Má tá aon cheisteanna agat, téigh i dteagmháil, le do thoil, le support@zhrum.com.
Ceadchomhartha
TCIZHM07
Cad a dhéanaim más mian liom leanúint ar aghaidh agus úsáid a bhaint as Zhrum tar éis na trialach atá saor in aisce?
Is ar bhonn roghnaithe atá an rannpháirtíocht sa triail seo atá saor in aisce, mar nach bhfuil aon dualgas ar mhúinteoir ar bith a leithéid a dhéanamh. Má roghnaíonn múinteoirí a leithéid a dhéanamh, níl siad ag gabháil orthu féin bheith bainteach a thuilleadh leis an ardán Zhrum nuair atá an triail atá saor in aisce tagtha chun críche, agus ní dhéanfar an bhallraíocht a athnuachan go huathoibríoch tar éis na trialach. Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta ag iarraidh tacú le múinteoirí le dul i mbun foghlaim leanúnach, agus tá neart acmhainní curtha ar fáil aici chun tacú lena bhfoghlaim, agus lena machnamh leanúnach san fhoghlaim sin. Féach, mar shampla ar an acmhainn Ag Baint Úsáid as Taighde inár Scoil , agus ar an taisce de acmhainní machnaimh ar ár suíomh gréasáin. Má bhíonn leibhéal suntasach rannpháirtíochta in Zhrum thar thréimhse na trialach, a léiríonn ar an gcaoi sin go bhfuil éileamh ard ar a leithéid d’acmhainn i measc ghairm na múinteoireachta, breathnóidh an Chomhairle ar conas a d’fhéadfaí rochtain ar a leithéid d’ardán a chur ar fáil do mhúinteoirí ar bhonn níos inbhuanaithe.
Cliceáil anseo le do thoil chun breathnú ar Pholasaí Príobháideachta nuashonraithe na Comhairle
© 2021 An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0 e:info@teachingcouncil.ie | w:www.teachingcouncil.ie
Á chumhachtú ag Circulator