The Teaching Council has sent you this email. To ensure you don't miss future email updates, please add teachingcouncil@circulator.ie to your email address book or safe list. If this email does not display properly, you can click here to view it in your web browser »
An tsraith seimineár beo
The Teaching Council  + PDST
Tiocfaidh an samhradh – foghlaim don uile dhuine ar feadh an tsamhraidh agus ina dhiaidh!
Déardaoin, 24 Meitheamh ar 4pm
Cláraigh    →
Buail leis an bpainéal

Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta (Modhnóir)

  • Don Golden, Príomhoide Scoil Bernadette, Montenotte
  • Terri Doyle, Tuismitheoir scoláire iar-bhunscoile
  • Kate McNerney, Saintreoraí don FGL leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
  • Múinteoir (TBC)
  • Scoláire iar-bhunscoile (TBC)
Beidh an séú seimineár gréasáin i sraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ar siúl Déardaoin, an 24 Meitheamh ar 4pm. Is é a thugtar ar an seimineár gréasáin Tiocfaidh an samhradh – foghlaim don uile dhuine ar feadh an tsamhraidh agus ina dhiaidh!

Tá scoileanna anois ag teacht i dtreo dheireadh an téarma tar éis bliana nach raibh cosúil le bliain riamh roimhe. Tá paindéim Covid-19 tar éis léargas a thabhairt ar chuid mhór dár gcóras oideachais, go háirithe an mothúchán láidir de phobal, caidreamh agus comhoibriú i scoileanna ar fud na tíre.

Cuireadh isteach ar dhaoine ar bhealaí éagsúla i mbliana. Cuireadh isteach ar dhaoine áirithe níos mó ná daoine eile. Ceann amháin de na bealaí a gníomhaíodh maidir leis seo ná cláir oideachais samhraidh mhéadaithe a sholáthar do scoláirí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta chasta acu agus dóibh siúd i mbaol is mó de mhíbhuntáiste oideachasúil.

Sa seimineár gréasáin seo, tairgfidh an painéal comhairle phraiticiúil ó thaobh tacaíocht a thabhairt do scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí i gcaitheamh an tsamhraidh, agus fócas ar leith orthu siúd ar cuireadh isteach orthu go mór de bharr na paindéime. Breathnófar ar thábhacht an phobail agus an chaidrimh trí lionsa an chuimsithe, agus conas is féidir linn tógáil ar na bunluachanna seo agus muid ag dul chun cinn.
Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais
Tá lúcháir ar PDST (An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí) tús a chur le céim 1 de chlár náisiúnta tacaíochta a mhairfidh 3 bliana don chreat náisiúnta folláine sa bhliain acadúil amach romhainn. San áireamh sna tacaíochtaí beidh tacaíochtaí ceannaireachta agus tacaíochtaí scoilbhunaithe agus eiseoidh an PDST/An Roinn Oideachais cumarsáid chuig scoileanna maidir leis na tacaíochtaí
Tacaíocht Scoile
Tacaíocht scoilbhunaithe, le haghaidh do scoile, i do scoil.

Tá tacaíocht scoilbhunaithe shaincheaptha fós á cur ar fáil ag an PDST do mhúinteoirí i rith / tar éis uaireanta scoile i réimsí éagsúla lena n-áirítear iad seo a leanas:
  • Gach gné den cheannaireacht scoile
  • Curaclam agus Modheolaíochtaí
  • Teicneolaíochtaí Digiteacha
  • Sláinte agus Folláine
  • Cláir PP (Idirbhliain, Clár Scoile na Sraithe Sóisearaí, An Ardteistiméireacht Fheidhmeach, An Ardteistiméireacht)
Má dhéantar iarratas ar thacaíocht scoilbhunaithe, is féidir le comhairleoir PDST oibriú le do scoil i rith an lae scoile nó tar éis uaireanta scoile chun tacaíocht forbartha gairmiúla shaincheaptha a chur ar fáil atá in oiriúint do riachtanais ar leith do scoile, ag tógáil ar eolas agus ar chleachtas múinteoirí, i mbun comhráite comhoibríocha agus inniúlacht a fhorbairt mar phobal scoile.
Le haghaidh fiosruithe, cuir ríomhphost chuig schoolsupport@pdst.ie

Agus cead faighte ó na treoirlínte sláinte phoiblí, tá an PDST ag súil go mór le filleadh ar chaidreamh a dhéanamh le ceannairí scoile agus múinteoirí sa suíomh foghlama gairmiúla aghaidh ar aghaidh.
© 2021 An Chomhairle Mhúinteoireachta Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0 | e:info@teachingcouncil.ie | w:www.teachingcouncil.ie
Á chumhachtú ag Circulator
| Díliostáil »