Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta a sheol an ríomhphost seo chugat. Lena chinntiú go bhfaighidh tú nuashonruithe ríomhphoist amach anseo, ar mhiste leat teachingcouncil@circulator.ie a chur le do leabhar seoltaí ríomhphoist nó le do liosta sábháilte, le do thoil. Mura bhfuil an ríomhphost seo le feiceáil i gceart féadfaidh tú cliceáil anseo chun breathnú air i do bhrabhsálaí gréasáin »
The Teaching Council
Comhroinn ar
f   in   t
Seol chuig Comhghleacaí »
Subseeker -  Make sure you sub teaching availability is up to date.
A Chara,

Tá súil agam go bhfuil tú go maith agus gur bhain tú taitneamh as sos an tsamhraidh.

Agus bliain nua acadúil á tosú againn, ba mhaith liom a athdhearbhú gur tosaíocht i gcónaí é na scoileanna a choinneáil ar oscailt go sábháilte, don Stát agus do phobail scoileanna ar fud na tíre. B’fhéidir go mbeidh dúshláin á gcruthú fós ag COVID-19 in 2021/2022 maidir le múinteoirí ionaid a aimsiú ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile. Chuige sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh oiread múinteoirí cláraithe agus is féidir ar fáil chun na riachtanais ionadaíochta a d’fhéadfadh teacht chun cinn de bharr COVID-19 a líonadh.

Más rud é nach bhfuil tú ag obair faoi láthair agus/nó go bhfuil seans ar bith ann go bhféadfá a bheith ar fáil chun ionadaíocht a dhéanamh, ar mhiste leat, le do thoil, a chinntiú go bhfuil tú cláraithe leis an tseirbhís Sub Seeker ar www.educationposts.ie.

Is seirbhís saor in aisce é Sub Seeker taobh istigh de www.educationposts.ie agus éascaíonn sé earcú múinteoirí cláraithe sa ghearrthéarma. Tugann Sub Seeker deis do mhúinteoirí uasdátú a dhéanamh ar suas le deich lá infhaighteachta.

Chun rochtain a fháil ar Sub Seeker, logáil isteach i do chuntas Job Seeker agus roghnaigh an cnaipe login ar www.educationposts.ie. Mura bhfuil cuntas Job Seeker agat, féadfaidh tú ceann a chruthú ach an cnaipe Register a roghnú. Nuair a bheidh tú logáilte isteach i do chuntas, beidh rochtain agat ar Sub Seeker trí My Account a roghnú faoi d’ainm ar an taobh deas den roghchlár agus Sub Seeker a roghnú ansin.

Mura bhfuil tú cláraithe le Sub Seeker, logáil isteach i do chuntas ‘Job seeker’ ar EducationPosts.ie, roghnaigh ‘My Account’, roghnaigh ‘Sub Seeker’, roghnaigh ‘Register for Sub Seeker’ agus lean na céimeanna. Le haghaidh a thuilleadh eolais bí ag léamh ‘Sub Seeker FAQs’ anseo: https://www.educationposts.ie/page/faq/ss-seekers

A luaithe a bheidh tú cláraithe le Sub Seeker beidh sé riachtanach d’infhaighteacht le haghaidh poist ionadaíochta a uasdátú ar bhonn seachtainiúil. Cinnteoidh sé sin go mbeidh rochtain iontaofa ag na scoileanna ar mhúinteoirí cláraithe chun freastal ar a riachtanais ionadaíochta.

Nótáil le do thoil go bhféadfaidh múinteoir cláraithe ar bith, is cuma cén chonair chlárúcháin a lean sé/sí, cumhdach ionadaíochta a chur ar fáil ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile gan aon impleachtaí don Riail 5 lá.

Má tá aon cheisteanna agat faoin bpróiseas, déan teagmháil le www.educationposts.ie, le do thoil.

Is iad bainistíocht na scoileanna agus a gcuid foras pátrúnachta a dhéanfaidh earcú agus fostú múinteoirí a láimhseáil i gcónaí, faoi réir, mar is gnách, na bpróiseas riachtanach clárúcháin agus grinnfhiosrúcháin de réir rialacháin na Comhairle Múinteoireachta i leith caighdeáin ghairmiúla.

Thionscain an Chomhairle Mhúinteoireachta raon beart chun tacú le pobail scoileanna i gcaitheamh na paindéime. Is cuid den chur chuige níos leithne sin atá sa teachtaireacht seo chun cuidiú an tráth seo le riar na scoileanna atá á chomhordú ag an Roinn Oideachais i gcomhairle leis na geallsealbhóirí uile i réimse an oideachais.

Tráth an-neamhghnách, gan amhras. B’iontach mar a d’fhreagair na múinteoirí, agus a ghairmiúla a d’oibrigh siad chun leanúint den mhúinteoireacht agus foghlaim ar son a gcuid scoláirí. Ach an oiread múinteoirí agus is féidir a mhisniú chun freastal ar na riachtanais ionadaíochta reatha agus amach anseo, thig linn uile a áirithiú go bhfaighidh ár bpobail scoileanna an chabhair agus an tacaíocht uile atá de dhíth orthu.

Agus mar fhocal scoir, i gcaitheamh mhíonna an tsamhraidh, chuir an Chomhairle 3,404 múinteoir nuacháilithe ar chlár na múinteoirí. Thar ceann na Comhairle, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach múinteoir nuacháilithe ar leith, agus guím gach rath orthu ina saol gairmiúil mar mhúinteoir.

Míle buíochas / Many thanks,
Tomás Ó Ruairc Signature
Tomás Ó Ruairc,
Stiúrthóir / Director
Cliceáil anseo le do thoil chun breathnú ar Pholasaí Príobháideachta nuashonraithe na Comhairle
© 2021 An Chomhairle Mhúinteoireachta
Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0
e:info@teachingcouncil.ie | w:www.teachingcouncil.ie
Á chumhachtú ag Circulato
r