|
|
Sa SST, bronnfar líon sparánachtaí ar iarratasóirí a n-éireoidh leo faoi réir uasmhéid foriomlán de €50,000. Don bhabhta maoinithe reatha, táthar ag súil go mbeidh seacht sparánacht de €2,000 ar fáil do thionscadail aonair agus naoi sparánacht de €4,000 ar fáil do chomhthionscadail.Leagann an SST béim láidir ar ghníomhaíochtaí taighde a neartaíonn na naisc idir taighde, polasaí agus cleachtas, agus ar an gcomhoibriú i measc múinteoirí, agus idir múinteoirí agus taighdeoirí oideachais eile. Cé nach mór gur múinteoirí iad atá ag cleachtadh a dhéanann na hiarratais aonair, is féidir leo siúd ar fad a bhfuil spéis acu tabhairt faoi thaighde oideachais nua na comhiarratais a dhéanamh. Ach, is gá gur múinteoir atá ag cleachtadh a bheith i nduine amháin díobh siúd a dhéanann comhiarratas.
Ní mór go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh i ngach iarratas:
- go bhfuil múinteoir nó múinteoirí atá ag cleachtadh rannpháirteach chun na critéir cháilitheachta a chomhlíonadh agus, mar chuid den phróiseas iarratais, beidh gá le dearbhú a dhéanamh, ag deimhniú;
- go léirítear cumas suntasach chun cur le taighde, polasaí agus cleachtas i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na sé Réimse Foghlama de chuid Cosán:
- Foghlaim Threoraithe
- Litearthacht & Uimhearthacht
- Cuimsiú
- Ag Tacú le Foghlaim Múinteoirí
- Folláine
- TFC
Agus iarratais á meas, tabharfar túis áite dóibh seo a leanas:
- Taighde a thugann tacaíocht do chuir chuige fhianaisebhunaithe a chur i bhfeidhm ar an gcleachtas seomra ranga;
- Comhiarratais taighde.
Tá tuilleadh eolais maidir le SST ar fáil sna Nótaí Treorach, agus moltar dóibh siúd a d’fhéadfadh iarratais a dhéanamh na nótaí seo a léamh go cúramach sula gcuireann siad iarratas isteach.
|
|
|
|
|
|
|
|
|