|
|
, a chara,
Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh FÉILTE ar siúl ar líne Dé Sathairn, 2 Deireadh Fómhair, ó 10am go 4pm, agus dealraíonn sé a bheith níos mó agus níos fearr ná ariamh.
Cuirfidh FÉÍLTE clár ar fáil a bheidh lán go béal d’inneachar idirghníomhach agus nascacht bheo leis na cainteoirí, na rannpháirtithe agus le daoine eile sa lucht freastail.
Féach an méid is féidir a bheith ag súil leis ón ócáid i mbliana: |
|
|
|
Beidh dhá phlé painéil againn an lá sin. Beidh painéal na maidine á mhodhnú ag Phil Fox, Leas-Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, agus pléifear téama na féile: An Mhúinteoireacht a Chlaochlú i nDomhan Inbhuanaithe.
Ar an bpainéal tá:
- Dr Derek Haime, Cláraitheoir agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Ontario College of Teachers
- Dr Pauline Stephen, Príomhfheidhmeannach agus Cláraitheoir, General Teaching Council, Albain
- Angela Jardine, Cathaoirleach Education Workforce Council, an Bhreatain Bheag
- Paula Mangan, Príomhoide Cúnta ,Múinteoir Bunscoile
- Brian O’Doherty, Uachtarán IPPN agus Príomhoide Bunscoile
Sa phainéal san iarnóin pléifear Spásanna Cruthaitheacha i Scoileanna a Athshamhlú. Beidh painéal á mhodhnú ag Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
Ar an bpainéal tá:
- Dr Shane Bergin, Ollamh Cúnta in Oideachas Eolaíochta, COBÁC
- Niamh Barry, Cigire sa Roinn Oideachais
- Jennifer Buggie, Múinteoir Bunscoile
- Ciarán Collins, Múinteoir Iar-Bhunscoile
- TBC
Bí linn ag ceiliúradh gach gné den Mhúinteoireacht! Maidir le bheith ag freastal, beidh sé saor in aisce.
|
|
|
Mura bhfeiceann tú ríomhphost deimhnithe clárúcháin tar éis duit do thicéad a chlárú le FÉILTE 2021, seiceáil d’fhillteán ‘Turscar’ le do thoil, óir d’fhéadfadh cuid de na seirbhísí ríomhphoist é a scagadh chuig an bhfillteán sin. |
|
|