The Teaching Council has sent you this email. To ensure you don't miss future email updates, please add teachingcouncil@circulator.ie to your email address book or safe list. If this email does not display properly, you can click here to view it in your web browser »
An tsraith seimineár beo
The Teaching Council  + PDST
Plus ça change – An Fhoghlaim ionchuimsitheach á Cothú an athuair
Déardaoin, 21 Eanáir, 4.30pm
Cláraigh    →
An painéal a chasfar ort
  • Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta
  • Michael McNamara, Ceannaire Foirne Teicneolaíochtaí Digiteacha le SFGM
  • Catherine Doolan, Stiúrthóir Ionad Oideachais Laoise.
  • Matthew Colgan, Scoláire Iar-Bhunscoile agus Rúnaí ISSU
  • Orla Conway, Múinteoir iar-Bhunscoile agus Príomhoide Cúnta I
  • Emmet Fahy, Tuismitheoir
Ag éirí as an bhfógairt Rialtais faoi dhúnadh na scoileanna, táimid ag streachailt anois le dúshláin san oideachas, idir dhúshláin a bhí ann riamh agus dúshláin nua.

Beidh an tsraith seimineár gréasáin ar ais an 21 Eanáir agus an aidhm chéanna léi, smaointe fiúntacha a nascadh i measc pobail na scoileanna, agus a chur in iúl do gach éinne nach bhfuilimid chomh haonaránach is a shílimid.

Beidh an seimineár gréasáin seo ag breathnú ar na difríochtaí an uair seo, agus ar an méid a sheasann i gcónaí.

Beidh an painéal sa seimineár gréasáin ag díriú ar cheisteanna a bhaineann leis na deiseanna agus na dúshlán a bhaineann leis an mbealach foghlama faoi láthair. Tabharfar aird ar leith ar chomhthéacs DEIS agus ar chomhthéacs an oideachais ionchuimsithigh agus pléifimid tacaíochtaí praiticiúla atá ann do mhúinteoirí agus do phríomhoidí, agus tabharfaimid eolas fúthu. Fillfimid freisin ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh pobail na scoileanna ag nascadh lena chéile chun a chinntiú go mbeidh bealaí oibre inbhuanaithe ann do gach duine.

Lánchead agat topaicí nó ceisteanna a sheoladh ar aghaidh tríd an nasc clárúcháin, agus cuirfimid ar aghaidh iad chuig an bpainéal, ar a mbeidh.
Tacaíocht SFGM agus Acmhainní don chianfhoghlaim
Cianfhoghlaim agus Foghlaim Chumaisc
Distance Learning
leathanach cianfhoghlama an tSFGM beo ón 12 Márta, agus gheofar an-chuid acmhainní ansin chun tacú libh chun úsáid éifeachtach a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun dul i ngleic le cianteagasc agus cianfhoghlaim.
Blended Learning Toolkit
Cuireadh go mór leis ó shin a bhuíochas d’Uirlisí SFGM don Fhoghlaim Chumaisc, a gheofar anseo, agus do shraith físeán mínithe YouTube a bheidh ag tacú chun an iliomad uirlisí agus ardán anseo a dhéanamh rannpháirteach.
Acmhainní do Mhúineadh agus Foghlaim Bunscoile agus Iar-bhunscoile
Tabhair faoi deara an méid mór acmhainní bunscoile agus iar-bhunscoile atá ar fáil ar www.Scoilnet.ie suíomh a dhéantar uasdátú air go rialta chun tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí trasna na n-ábhar ar fad. Tá acmhainní ar fáil do na hábhair churaclaim ar fad ag pdst.ie agus don fhadfhoghlaim ag https://www.pdst.ie/DistanceLearning
www.Scoilnet.ie
Cúrsa Múinteoireachta ar Líne
Online Teaching Course
Tá an-tóir ar ár gcúrsa múinteoireachta ar line, 'Teaching Online for Primary and Post Primary Teachers' a thacaíonn le cianteagasc, agus díríonn sé ar conas tús a chur le múineadh ar líne, teacht ar acmhainní oiriúnacha ar líne agus conas iad a úsáid (Scoilnet, Webwise agus World Book ar líne san áireamh), teagmháil a dhéanamh le scoláirí agus d’ábhar féin a chruthú. Tá an cúrsa ar fáil anseo.
Clinicí Buaileadh Isteach don Teicneolaíocht Dhigiteach
Tá foireann na dTeicneolaíochtaí Digiteacha ag soláthar roinnt clinicí buaileadh isteach sna seachtainí atá romhainn más rud é go mbeadh suim agat teacht chun comhairle a fháil nó tacaíocht maidir le haon ghné de theicneolaíocht dhigiteach don mhúineadh, don fhoghlaim agus don mheasúnú. Is féidir na naisc chláraithe thíos a roinnt le baill foirne atá ag iarraidh an deis seo a thapú, agus rachfar i dteagmháil leo trí ríomhphost le ham faoi leith idir 3.30 i.n. – 5.30 i.n. ar a ndáta roghnaithe. Ní mór na gnáth-iarratas le haghaidh tacaíocht scoile a dhéanamh trí na naisc thuas.
Infreastruchtúr TFC
ICT Infrastructure
Is féidir le scoileanna dul i dteagmháil le ictadvice@pdst.ie maidir le ceisteanna faoina infreastruchtúr, nó is féidir ríomhphost a chur chuig braodbandservicedesk@pdst.ie maidir le ceisteanna leathanbhanda.
Tacaíocht Scoile Shaincheaptha
Tailored School Support
Na déan dearmad gur féidir cur isteach ar thacaíocht scoile fhollasach an tSFGM www.pdst.ie/schoolsupport chun cabhair a fháil ó chomhairleoir SFGM chun tacaíocht scoile shaincheaptha a chur ar fáil de réir bhur gcuid riachtanas sna hábhair bhunscoile agus iar-bhunscoile, sláinte agus folláine, ceannaireacht agus gach iarratas maidir le húsáid Teicneolaíochtaí Digiteacha chun tacú le cianteagasc, cianfhoghlaim agus cleachtais mheasúnaithe.
Tacaíochtaí Ceannaireachta
Beidh Foireann Cheannaireachta an tSFGM ar fáil chomh maith chun tacú le ceannairí scoileanna an próiseas cianteagaisc agus cianfhoghlama a stiúradh agus a bhainistiú trí thacaíocht scoile, cláir náisiúnta agus líonraí áitiúla. Is féidir teacht ar thacaíochtaí Ceannaireachta ag na naisc a leanas, chomh maith lenár n-imeachtaí FGL Ceannaireachta.
Déan é a chomhroinnt
Share it
Cliceáil anseo le haghaidh breis eolais faoin tacaíocht atá ar fáil do scoileanna.
Íoslódáil an bileoigín
© 2021 An Chomhairle Mhúinteoireachta Bloc A, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara, Éire | W23 Y7X0 | e:info@teachingcouncil.ie | w:www.teachingcouncil.ie
Á chumhachtú ag Circulator
| Díliostáil »