The Teaching Council has sent you this email. To ensure you don't miss future email updates, please add teachingcouncil@circulator.ie to your email address book or safe list. If this email does not display properly, you can click here to view it in your web browser »
The Teaching Council
Roinn ar
f   in   t
Seol chuig Comhghleacaí »
Béarla » 23/09/2021
Fáilte chuig an eagrán speisialta seo de ríomhiris taighde na Comhairle Múinteoireachta, atá tiomanta do Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan.

Príomhghné de Shraith Taighde CROÍ (Comhoibriú agus Taighde don Nuálaíocht Leanúnach) na Comhairle ná an Creat. Tugann sé tacaíocht do mhúinteoirí le taighde atá ann cheana féin a úsáid chun cur lena gcleachtas, nó chun dul i mbun taighde nua, i gcomhar le daoine eile nó go neamhspleách. Tá sé i gceist ag an gComhairle go spreagfaidh an Creat iarratasóirí le cur chuige nuálach agus cruthaitheach a chur i bhfeidhm agus iad ag breathnú ar conas is féidir leis an taighde agus leis an bhfianaise tacaíocht a thabhairt dá gcleachtas teagaisc féin agus de chleachtas teagaisc daoine eile.

In 2021, thug an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat, lena chinntiú go bhfuil a chuspóirí á chomhlíonadh aige go fóill. I bhfianaise an athbhreithnithe sin, tá an Creat athdheartha anois mar dhá scéim ar leith ach a chuireann lena chéile:
  • An Scéim Sparánachta Taighde (SST), agus is cúis áthais dúinn é a lainseáil mar chuid den ríomhiris seo, agus
  • An Scéim Taighdeoirí Cónaithe (STC) le haghaidh scoileanna, a dhéanfar a lainseáil go luath in 2022. Déanfar eolas maidir leis an scéim seo a eisiúint sna míonna amach romhainn.
Lainseáil na Scéime Sparánachta Taighde (SST) nua
Táimid ag glacadh le hiarratais anois faoin SST. Is é an dáta deiridh Déardaoin, an 4 Samhain 2021 ar 3pm.
Léigh Tuilleadh »
Foirm Iarratais agus Ábhai
Threorach
Tá an fhoirm iarratais SST ar fáil anois. Tá tuilleadh eolais chomh maith le hábhair threorach chun tacú leis an bpróiseas iarratais ar fáil anseo.  Is é an dáta deiridh 3p.m. Déardaoin, an 4 Samhain, 2021.
Léigh Tuilleadh »
An Ceathrú Babhta de Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan
Cliceáil anseo chun féachaint ar fhíseán gairid de bhuaicphointí ón tráthnóna bronnta sparánachtaí a bhí ar siúl i mí na Nollag 2020, do na daoine a fuair maoiniú faoin gceathrú babhta de Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan.
Léigh Tuilleadh »
Cliceáil anseo chun féachaint ar sheimineáir ghréasáin chun tacú le d’iarratas faoi
Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan »
Súil siar ar bhabhtaí a bhí ann roimhe seo de Chreat Tacaíochta Taighde John Coolahan
Taighde a Fuair Maoiniú Roimhe seo faoin gCreat

Is é an babhta reatha an cúigiú babhta faoin gCreat, a lainseáladh in 2017. Faoi na ceithre bhabhta maoinithe seo, tugadh tacaíocht do 100 tionscadal ar an iomlán. San áireamh anseo, bhí tionscadail taighde aonair agus comhthionscadail taighde maidir le topaicí taighde éagsúla.
Léigh Tuilleadh »
Léigh na tuarascálacha deiridh maidir le taighde maoinithe

Cuireadh tuairim is 33 tionscadal a fuair maoiniú faoi bhabhtaí roimhe seo den Chreat, i gcrích, agus tá tuarascálacha gearra achoimre ar fáil le léamh anseo, in éineacht le sonraí teagmhála do na taighdeoirí atá rannpháirteach.
Léigh Tuilleadh »
Cliceáil anseo le do thoil chun athbhreithniú a dhéanamh ar Pholasaí príobháideachais na Comhairle atá tugtha suas chun dáta.
© 2021 The Teaching Council Block A, Maynooth Business Campus, Maynooth, Co. Kildare, Ireland | W23 Y7X0 | e: info@teachingcouncil.ie | w: www.teachingcouncil.ie
Powered by Circulator
| Unsubscribe »