Nóta Tábhachtach Tá tairseach nua MoChlárú ar an mbealachtá |
A Mhúinteoir, a chara,
Tá súil agam go bhfuil tú go maith.
Is tuairisc thábhachtach suas chun dáta é seo lena chur in iúl duit go bhfuil an Chomhairle Mhúinteoireachta ag bogadh go dtí tairseach nua agus feabhsaithe MoChlárú, atá beartaithe le bheith beo ar an 14 Deireadh Fómhair 2021.
Mar thoradh air seo, cuirfear seirbhísí feabhsaithe agus áisiúlacht níos fearr ar fáil duit mar mhúinteoir cláraithe, ina mbeidh tú in ann rochtain agus bainistíocht a dhéanamh ar do chuid eolais chlárúcháin 24/7 ar líne.
Cuirfear feabhas ar na háiseanna reatha ar líne ina mbeidh tú in ann iarratais ar chlárú a chur isteach, iarratais ar shíneadh ama don chlárú coinníollach a chur isteach, ábhair/cáilíochtaí sa bhreis a chur isteach agus creat ionduchtúcháin Droichead a chur i gcrích.
Cad a tharlaíonn ansin?
- Beimid i dteagmháil leat ar ríomhphost ón 14 Deireadh Fómhair chun iarraidh ort do chuntas pearsanta a ghníomhachtú agus iarraimid ort an próiseas gníomhachtúcháin a chur i gcrích gan mhoill, le do thoil. Leis seo, cinnteofar go féidir leat leanúint ar aghaidh agus rochtain a dhéanamh ar do chuid eolais chlárúcháin agus úsáid a bhaint as na seirbhísí cuíchóirithe nua.
- I rith an phróisis ghníomhachtúcháin, beidh seoladh ríomhphoist a bhaineann leat féin amháin ag teastáil uait, .i. ní féidir ríomhphost a bheith agat a roinneann tú le múinteoir cláraithe eile ná le duine ar bith eile. Má tá seoladh ríomhphoist á roinnt agat faoi láthair, logáil isteach chomh luath agus is féidir sa tairseach reatha Mo Chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta le seoladh ríomhphoist pearsanta a uasdátú agus a chur ar fáil.
- Ón 14 Deireadh Fómhair ar aghaidh, ní bheidh na próisis ath-ghrinnfhiosrúcháin agus athnuachana ar chlárú ar fáil ach amháin ar líne – dá bhrí sin, beidh cuntas gníomhach ag teastáil uait.
- Le bheith in ann aistriú anonn go dtí an córas nua, ní bheidh na próisis a bhaineann le clárú, an tairseach reatha MoChlárú san áireamh, ar fáil ón 4 Deireadh Fómhair 2021. agus an dá dháta sin san áireamh. Cuirfear tús arís le gach próiseas a bhaineann le clárú ar an 14 Deireadh Fómhair 2021.
Cuirfear aon iarratas a bhaineann le clárú a fhaightear i ndiaidh an 4 Deireadh Fómhair 2021 ar ais go dtí an t-iarratasóir le treoracha ar conas iarratas a dhéanamh tríd an tairseach nua MoChlárú ar an 14 Deireadh Fómhair 2021.
Ath-ghrinnfhiosrúchán
Moltar do mhúinteoirí ar iarradh orthu iarratas a dhéanamh ar ath-ghrinnfhiosrúchán é sin a dhéanamh roimh an 4 Deireadh Fómhair 2021, nó fanacht go dtí i ndiaidh an 14 Deireadh Fómhair 2021 agus iarratas a dhéanamh tríd an MoChlárú nua.
Droichead agus athnuachan ar chlárú
Is féidir iarratais le haghaidh Droichead agus íocaíocht táillí athnuachana a chur i gcrích ar líne suas go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2021 nó is féidir fanacht go dtí an 14 Deireadh Fómhair agus iarratas a dhéanamh trí an MoChlárú nua.
Mar thoradh ar na hathruithe seo, beidh an Chomhairle in ann seirbhís níos tapúla, níos éifeachtaí agus níos éasca le húsáid, a chur ar fáil duit agus do níos mó ná 111,000 múinteoir atá ar an gclár faoi láthair, agus do dhaoine a bheidh cláraithe amach anseo.
Agus muid ag aistriú go dtí an tairseach nua MoChlárú, iarraimid ort a bheith foighneach linn le do thoil, agus an t-athrú mór seo á chur i bhfeidhm againn ar ár gcóras TF.
Go raibh maith agat as do chomhoibriú roimh ré. |
 |
Tomás Ó Ruairc,
Stiúrthóir / Director |
|
|
|
|