 |
A Chara,
Tá súil agam go bhfuil tú go maith.
Mar is eol duit, is tosaíocht ríthábhachtach í don Stát agus do na pobail scoile ar fud na tíre na scoileanna a athoscailt agus iad a choinneáil oscailte go sábháilte le linn COVID-19. Tá dúshláin thromchúiseacha i ndán do scoileanna le múinteoirí ionaid a aimsiú ag an leibhéal bunscoile agus ag an leibhéal iar-bhunscoile araon.
Ceann amháin de na réimsí riachtanais is tábhachtaí ná a chinntiú go bhfuil a oiread múinteoirí agus is féidir ar fáil le riachtanais ionadaithe a chomhlíonadh atá ag teacht chun cinn de bharr COVID-19. Tá níos mó múinteoirí ionaid ag teastáil ná mar a bhí riamh leis na bearnaí a líonadh atá ann mar thoradh ar COVID-19 ar fud phobal na scoile.
Mura bhfuil tú ag obair faoi láthair agus/nó má tá sé de chumas ar bith ionat a bheith ar fáil le haghaidh riachtanas ionadaithe éigeandála, déan cinnte de le do thoil go bhfuil tú cláraithe leis an áis Sub Seeker ar www.educationposts.ie.
Nuair atá tú cláraithe le Sub Seeker tá sé riachtanach go gcoinníonn tú suas chun dáta ar bhonn seachtainiúil go bhfuil féin ar fáil le haghaidh post ionaid le do thoil. Mar thoradh air seo, cinnteofar go mbeidh rochtain iontaofa ag scoileanna ar mhúinteoirí cláraithe chun freastal ar a riachtanais ionadaithe.
Is mar chuid de raon beartas í an chumarsáid seo atá tugtha isteach ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun tacú leis na pobail scoile le linn COVID-19. Tá sé mar chuid den chur chuige níos leithne maidir le cuidiú le feidhmiú na scoileanna a choimeád ag imeacht ag an tráth seo, atá á chomhordú ag an Roinn Oideachais i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile i gcúrsaí oideachais.
Is tréimhse an-eisceachtúil í seo. Tá múinteoirí tar éis gníomhú go hinmholta agus go fíorghairmiúil leis an teagasc agus an fhoghlaim a choinneáil ag imeacht dá scoláirí. Agus spreagadh á thabhairt le go mbeidh a oiread múinteoirí agus is féidir ar fáil le haghaidh riachtanais ionadaithe leanúnacha agus i láthair na huaire, is féidir linn a chinntiú le chéile go bhfaigheann ár bpobail scoile an chabhair agus tacaíocht ar fad atá de dhíth orthu.
Má tá aon fhiosruithe agat faoin bpróiseas seo, déan teagmháil le www.educationposts.ie le do thoil
Is iad bainistíocht na scoile agus a bhforais phátrúnachta ghaolmhara a bheidh fós ag déileáil le hearcaíocht agus fostú na múinteoirí, faoi réir, mar is gnách, na bpróiseas riachtanach clárúcháin agus grinnfhiosrúcháin i gcomhréir le rialacháin chaighdeáin ghairmiúla na Comhairle Múinteoireachta.
Míle buíochas,
Tomás Ó Ruairc,
Stiúrthóir / Director |
|
|