 |
Ag Athshamhlú ar an tairseach – cad é an chéad rud eile atá i ndán do chúrsaí oideachais tar éis Covid? |
Déardaoin, an 3 Meitheamh 2021 ar 3pm Am na hÉireann |
Cláraigh →
|
Cuir aithne ar an bpainéal |
|
Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta in Éirinn (Modhnóir)
- Ciara O’Donnell, Stiúrthóir na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí in Éirinn.
- Khadija Mohammed, Léachtóir in Ollscoil Iarthar na hAlban agus Leas-Tionólaí Chomhairle Mhúinteoireachta Ghinearálta na hAlban.
- Andy Hargreaves, Ollamh Taighde i Scoil Oideachais Lynch i gColáiste Bhostúin.
- Deborah Netolicky, Comhlach in Ollscoil Murdoch agus Ceann Teagaisc agus Foghlama i bPobalscoil Anglacánach Naomh Marcas (St. Mark’s Anglican Community School), an Astráil.
|
|
Beidh an cúigiú seimineár gréasáin i sraith 2021 ‘Foghlaim don Uile Dhuine’ ar siúl Déardaoin, an 3 Meitheamh ar 3pm Am na hÉireann. Is é teideal an tseimineáir ghréasáin ‘Ag Athshamhlú ar an tairseach – cad é an chéad rud eile atá i ndán do chúrsaí oideachais tar éis Covid?’ Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh phainéalaithe as Éirinn, Albain, Ceanada agus an Astráil le bheith rannpháirteach sa phlé.
Ag an seimineár gréasáin seo, beifear ag breathnú ar an gcaoi ar fhorbair cúrsaí oideachais le bliain anuas. Mar thoradh ar an bpaindéim, bhí orainn athmhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí oideachais agus cad é atá tábhachtach dár scoláirí. Mí an Mhárta anuraidh, bhí ar scoileanna ar fud an domhain freagairt thar oíche don chéad phaindéim a bhí ann le céad bliain anuas. Ó shin i leith, d’oibrigh scoileanna go crua leis na pobail chun freastal ar a riachtanais, roinnt riachtanas atá ann le fada agus roinnt riachtanas nua. Is fíor a rá go bhfuil tástáil déanta ar chruthaitheacht agus inniúlacht na gcóras oideachais le bheith nuálach. Conas a d’éirigh linn? Cad a d’fhoghlaimíomar agus conas a d’athraigh ár bhfís maidir le cúrsaí oideachais sa todhchaí?
Tá i bhfad níos mó feasachta ann anois maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an teagasc mar phróiseas sóisialta agus caidrimh, agus ag an am céanna tá tuiscint níos fearr ann anois ar an ngá atá ann go mbeidh timpeallachtaí foghlama ar ardchaighdeán ann do gach scoláire. Conas is féidir linn tógáil ar na smaointe agus cleachtais nua a tháinig chun cinn agus iad a neartú?
|
Straitéis Dhigiteach do Scoileanna |
Glao Oscailte ar Aighneachtaí ar Fhorbairt na Straitéisí Digití nua do Scoileanna |
Le cúpla mí anuas, bhí an Chomhairle Mhúinteoireachta i mbun caidrimh go gníomhach leis an Roinn Oideachais agus le Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) maidir le Soláthar Samhraidh. Cuireadh na Ceisteanna Coitianta seo a leanas le chéile chun tacú le heolas agus treoir atá cruinn a sholáthar do mhúinteoirí cláraithe.
Cad is Soláthar Samhraidh ann?
Is clár é Soláthar Samhraidh a thairgeann teagasc do scoláirí a bhfuil réimse riachtanas ar leith/bhreise acu, le linn mhíonna an tsamhraidh. Is féidir é a thairiscint sa scoil nó i dteach an scoláire i gcomhréir le critéir ar leith ag brath ar riachtanais áirithe an scoláire/na scoláirí. Tá sé ar fáil do scoláirí bunscoile agus iar-bhunscoile araon. Roimhe seo tugadh Scéim Soláthair mhí Iúil air.
Cá bhfaighim eolas faoi Sholáthar Samhraidh?
Tá an t-eolas ábhartha uile maidir le Soláthar Samhraidh, téarmaí agus coinníollacha san áireamh, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais
anseo. I mbliana cuireadh leis an Soláthar Samhraidh ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile.
Cé atá in ann obair ar an Soláthar Samhraidh?
Tá gach múinteoir cláraithe incháilithe le hoibriú ar an Soláthar Samhraidh. Cuimsíonn sé seo múinteoirí atá cláraithe faoi Bhunscoil, Iar-bhunscoile, Bhreisoideachais agus faoi Bhealach 4 Eile. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil Múinteoirí le Céim in 2021 agus múinteoirí MGO faoi oiliúint atá cláraithe faoi Bhreisoideachas incháilithe le Soláthar Samhraidh a chur ar fáil in 2021 má chomhlíonann siad na critéir atá leagtha amach i ndoiciméid fhorléargais an Roinne.
Is múinteoir mé, conas is féidir liom post a aimsiú ar an Soláthar Samhraidh?
Chun cuidiú le múinteoirí agus le cúntóirí riachtanas speisialta (SNAanna) folúntais ar chlár an tsamhraidh i scoileanna a aimsiú, chruthaigh an IPPN Clár Fógraí Soláthar Samhraidh le haghaidh múinteoirí agus SNAanna. Is féidir le múinteoirí atá ag iarraidh obair ar an soláthar samhraidh fógra a chur suas ann lena spéis, cathain atá siad ar fáil agus cá bhfuil siad lonnaithe, a chur in iúl. Cuideoidh na cláir fógraí le scoileanna agus tuismitheoirí na baill foirne iomchuí a aimsiú ina gceantar áitiúil agus is féidir iad a úsáid i ngach suíomh; bunscoileanna, scoileanna speisialta, iar-bhunscoileanna agus soláthar sa bhaile. Is féidir le múinteoirí/SNAanna na cláir fógraí a sheiceáil freisin le haghaidh folúntas ina réimse saineolais agus san áit ina bhfuil siad lonnaithe.
Is féidir leat féachaint ar an gclár fógraí seo ar
www.educationposts.ie |
Tabhair faoi deara, le do thoil, chun rochtain a dhéanamh ar na cláir fógraí agus/nó chun fógra a chur suas mar mhúinteoir/SNA, ní mór duit clárú ar dtús le Educationposts.ie.
Is scoil/tuismitheoir mé, conas a aimsím múinteoir/SNA don Soláthar Samhraidh?
Chun cuidiú le scoileanna/tuismitheoirí múinteoirí/SNAanna a aimsiú atá ar fáil don soláthar samhraidh, is féidir úsáid a bhaint as cláir fógraí an IPPN. Is féidir le Scoileanna/Tuismitheoirí fógraí a chur suas ina bhfuil folúntais chun na baill foirne iomchuí ina gceantar áitiúil a aimsiú. Is féidir fógraí a chur isteach do gach suíomh; bunscoileanna, scoileanna speisialta, iar-bhunscoileanna agus soláthar sa bhaile. Is féidir le Scoileanna/Tuismitheoirí na cláir fógraí a sheiceáil freisin le haghaidh fógraí atá curtha suas ag múinteoirí/SNAanna atá ar fáil.
Is féidir leat féachaint ar an gclár fógraí seo ar
www.educationposts.ie
|
Tabhair faoi deara, le do thoil, chun rochtain a dhéanamh ar na cláir fógraí agus/nó chun fógra a chur suas mar scoil/thuismitheoir, ní mór duit clárú ar dtús le Educationposts.ie.
Cá háit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil?
Ba chóir fiosruithe maidir le bheith incháilithe nó maidir le fostaíocht a bhaineann le Soláthar Samhraidh a chur ar aghaidh go dtí an Roinn Oideachais ar ríomhphost chuig
schoolsummerprogramme@education.gov.ie
Ba chóir fiosruithe maidir le Educationposts.ie agus na cláir fógraí a chur ar aghaidh go dtí an IPPN ar ríomhphost chuig info@educationposts.ie |
|
|