An tEochairchainteoir

Photo of Joe Schmidt

Rugadh Joe in Kawakawa sa réigiún Northland de chuid na Nua-Shéalainne ach ó 6 bliana d'aois d'fhás sé aníos in Woodville, baile beag sa leath íochtarach d'Oileán an Tuaiscirt.

Mar mhúinteoir Béarla ó thaobh gairme de, chóitseáil Joe an Chéad XV d'Ardscoil Palmerston North do Bhuachaillí chuig an gcéad chluiche ceannais ina raibh siad riamh de chuid na Meánscoileanna Náisiúnta in 1996. Tar éis dul chuig an gcluiche ceannais arís in 1997 ghlac sé an ról mar chóitseálaí le Foireann Mheánscoileanna na Nua-Shéalainne in 1997.

In 2003, bhí sé mar chóitseálaí cúnta na foirne Bay of Plenty sa Chraobhchomórtas Cúigí Náisiúnta, agus bhuaigh siad Sciath Ranfurly den chéad uair ina gcuid staire in 2004. Nuair a bhog sé chuig Auckland bhí sé mar chóitseálaí sa Super Rugby leis an bhfoireann Auckland Blues sula ndeachaigh sé chuig foireann de chuid French Top 14, ASM Clermont Auvergne mar chóitseálaí cúnta. D'éirigh le ASM dul chuig an gcraobhchomórtas de chuid Top 14 i rith gach bliain de na trí bliana nuair a bhí Joe ann, agus sa deireadh d'éirigh leo an Bouclier de Brennus a bhaint amach den chéad uair i stair an Chlub ina shéasúr deiridh.

Bhog Joe go dtí Baile Átha Cliath mar phríomhchóitseálaí Laighean agus idir 2011 agus 2013 d'imir siad i sé chluiche ceannais, agus bhuaigh siad an Corn Heineken faoi dhó, an Corn Amlin Challenge agus teideal Pro12. Ceapadh é mar phríomhchóitseálaí na hÉireann ag tús an tséasúir 2013/14 agus bhuaigh an fhoireann Náisiúnta Craobh na 6 Náisiún in 2014 agus 2015. Faoi stiúir Joe d'éirigh le foireann na hÉireann a céad sraith riamh de Mhórchluichí a bhaint amach sa Leathsféar Theas i gcoinne na hAirgintíne in 2014 agus d'éirigh leo a gcéad sraith riamh de Mhórchluichí a bhuachan san Afraic Theas in 2016.

Tá Joe pósta le Kelly agus tá ceathrar clainne aige.