Lá Foghlama Comhroinnte Dhroichead, 2 Márta 2016, Óstán Citywest, Teach Sagard, Baile Átha Cliath

Tá áthas ar an gComhairle Mhúinteoireachta, i gcomhar leis an gClár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (CNIM), an dáta a fhógairt do Lá Foghlama Comhroinnte Dhroichead i mbliana. Beidh an ócáid ar siúl ar an 2 Márta, in Óstán Citywest, Teach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath.

 Tionóltar an Lá Foghlama Comhroinnte, arna óstáil ag an CNIM, gach bliain chun láthair gairmiúil a chur ar fáil do scoileanna lena gcuid taithí agus eispéiris a chur in iúl mar chuid den phróiseas chun polasaithe maidir le Droichead a fheabhsú agus a threorú amach anseo.

 Is féidir le scoileanna eile a bhfuil suim acu tuilleadh a fháil amach faoi Dhroichead páirt a ghlacadh i gcomhráite gairmiúla le scoileanna Dhroichead agus tugtar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh freisin i bpléghrúpaí agus ceardlanna foghlama gairmiúil.

 Féadann scoileanna a bhfuil suim acu níos mó a chlos faoi phróiseas Dhroichead clárú don ócáid seo trí chliceáil anseo. Seolfar ríomhphost chuig scoileanna atá páirteach i nDroichead cheana le cuireadh chun clárú don ócáid.

 Fáigh tuilleadh amach faoi Dhroichead

 Éist le scéalta ghairmithe eile faoina dtaithí (béarla)