Cuireadh tosach feidhme leis na hailt seo san Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 a bhaineann le promhadh i mí Mheán Fómhair 2012. Fágann sé sin go bfhuil an Chomhairle freagrach, ar bhonn reachtúil, as nósanna imeachta agus critéir a bhunú i ndáil le promhadh múinteoirí nua-cháilithe.
Chun bheith cláraithe go hiomlán, ní mór do gach múinteoir Bunscoile próiseas promhaidh nó an próiseas Droichead a chur i gcrích tar éis dóibh gach coinníoll clárúcháin eile a chomhlíonadh. Tá an próiseas promhaidh leagtha amach go mion sa doiciméad thíos.
Is é a bheidh i gceist leis an bpróiseas promhaidh ná riachtanas íosta seirbhíse múinteoireachta (100 lá) agus cuairteanna teagmhasacha ó Chigire de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, a ullmhóidh tuairisc maidir le hoiriúnacht an mhúinteora.
Ba chóir do mhúinteoir a chuir tús lena sheirbhís nó lena seirbhís ar an 1 Meán Fómhair 2010 nó ina dhiaidh, é a chur in iúl don Chomhairle Mhúinteoireachta nuair atá an tseirbhís riachtanach curtha i gcrích agus tuairisc shásúil faighte ó Chigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna. Nuair atá an coinníoll seo comhlíonta trí riachtanais seirbhíse agus inniúlachta an phróisis promhaidh a chur i gcrích, ba chóir do chláraithe Foirm C a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an gComhairle Mhúinteoireachta.
Baineann an coinníoll i dtaca le tréimhse promhaidh a chur i gcrích go sásúil le Bunmhúinteoirí agus múinteoirí atá cláraithe faoi Bealach 4 – Eile, atá fostaithe i mBunscoileanna agus Scoileanna Speisialta.
Tréimhse Ama
Ní chuirtear tús leis an bpromhadh go dtí go mbeidh na coinníollacha clárúcháin eile go léir comhlíonta. Ón dáta sin ar aghaidh, ceadaítear tréimhse de thrí bliana ar a mhéad leis an riachtanas seo a chomhlíonadh.
Tá tréimhse trí bliana ón dáta clárúcháin ag gach clárú nua le haon choinníoll a chomhlíonadh.
Tá go dtí an 21 Lúnasa 2015 ag bunmhúinteoirí a chuir tús lena seirbhís roimh an 1 Meán Fómhair 2010 leis an riachtanas promhaidh a chomhlíonadh.
Nóta Tábhachtach do dhaoine atá ag cur tús le hoideachas tosaigh múinteoirí lasmuigh d’Éirinn agus laistigh den LEE ón 1 Eanáir 2011
Nósanna imeachta leasaithe le haghaidh múinteoirí a chlárú faoi Threoir 2005/36/CE (Tíortha LEE) ón gComhairle in Éirinn.
Ón 1 Eanáir 2011 ar aghaidh, ní mór do dhaoine a chuireann tús le clár oideachais tosaigh múinteoirí lasmuigh d'Éirinn agus ar mian leo clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta faoi chearta soghluaisteachta (d'oibrithe) faoi Threoir 2005/36/CE (Tíortha LEE) ón gComhairle, clárú iomlán a bheith acu ón tír inar chuir siad an clár oideachais tosaigh múinteoirí i gcrích. D'fhéadfadh go mbeadh tréimhse ionduchtúcháin agus/ nó promhaidh sa tír sin san áireamh leis an gclárú iomlán. I ndáiríre, más riachtanas é ionduchtú/ promhadh chun clárú iomlán a bhaint amach sa Stát sin, ní bhfaighidh múinteoir cearta soghluaisteachta faoi théarmaí na Treorach go dtí go gcomhlíonfar an riachtanas. I gcoitinne, measfar an múinteoir sin a bheith díolmhaithe ón tréimhse promhaidh in Éirinn. Ó Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh, is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht a phróiseálann iarratais ar dhíolúine ó phromhadh.