Baineann Treoir 2005/36/CE ón AE (béarla) le hAitheantas Frithpháirteach a thabhairt do Cháilíochtaí i mBallstáit an AE agus déantar foráil ann do shaoirse gluaiseachta agus aitheantas do ghairmithe atá cáilithe go hiomlán laistigh de Bhallstáit an AE.
Faoi théarmaí an Treorach, ní mheastar go bhfuil múinteoir cáilithe go hiomlán (i gcomhréir leis an Treoir) go dtí go mbeidh an clár Oideachais Tosaigh Múinteoirí curtha i gcrích aige nó aici chomh maith le haon tréimhse cleachtais iar-cháilíochta atá riachtanach sa Stát inar cháiligh sé/sí. De ghnáth tugtar an bhliain ionduchtúcháin/promhaidh ar seo nó, in earnáil Iar-bhunscoile na hÉireann, FIC (Fostaíocht Iar-cháilíochta). Mar sin de, ní mheastar múinteoir nach bhfuil cheadaithe ionduchtúcháin/promhaidh curtha i gcrích aige nó aici a bheith cáilithe go hiomlán agus níl an duine sin i dteideal tairbhe a bhaint as an Treoir.