Machnamh a Dhéanamh ar Fhoghlaim Ghairmiúil

Léiríodh in aiseolas a fuarthas ó mhúinteoirí le linn ceardlanna Cosán an gá atá le hábhair eolais atá éasca a theacht orthu maidir le machnamh mar choincheap, agus maidir le tuilleadh tacaíocht do mhúinteoirí atá ag tabhairt faoi mhachnamh a dhéanamh. Mar fhreagra air sin, cuireann an rannóg seo den láithreán gréasán cur síos ar fáil ar na tuiscintí éagsúla atá ar mhachnamh sa litríocht, chomh maith le "múnlaí" machnamh a mbaintear úsáid astu go minic i gcomhthéacsanna oideachais. Tá na múnlaí seo cumraithe chun tagairt a dhéanamh d'fhoghlaim mhúinteoirí go háirithe, agus cuimsítear iontu ceisteanna d'fhéadfadh a bheith ag múinteoirí le linn dóibh machnamh a dhéanamh (ina n-aonar nó i gcomhar). Ar ndóigh, tá sé de lánrogha ag na múinteoirí cíbe úsáid a bhaint as na saimnhínithe agus as na múnlaí seo agus is mian leo, agus d'fhéadfaidís iad a chur in oiriúint tuilleadh dá gcomhthéacs féin dá mba mhian leo é, nó, aon mhodh machnaimh eile a úsáid atá oiriúnach.

Tugtar achoimre ghearr sa Powtoon seo ar an ábhar a bhfuiltear chun machnamh a dhéanamh air, nó cliceáil ar na naisc thíos chun tuilleadh a léamh.

Machnamh ón gComhairle Mhúinteoireachta ar Vimeo.

Sainmhínithe

Tá sainmhínithe curtha ar fáil ag réimse údar ar mhachnamh ar an iomlán agus ar chleachtadh machnamhach chomh maith. Déantar cur síos ar mhachnamh i sainmhíniú  luath a thug Dewy (1910), mar "active, persistent and careful consideration of any belief or supposed form of knowledge in the light of the grounds that support it and the further conclusions to which it tends" (lch.9). Cuireann Rodgers (2002) tuilleadh leis an smaoineamh seo ina ndéantar cur síos ar mhachnamh a bheith:

  1. Ina phróiseas as a mbaintear brí agus ina gcuirtear an foghlaimeoir ó eispéireas amháin go dtí an chéad cheann eile chun tuiscint níos doimhne a fháil ar na caidrimh agus ar na ceangail atá ag machnamh le eispéiris agus le smaointe eile.
  2. Mar mhodh smaointeoireachta atá córasach, dian agus meáite.
  3. Caithfidh sé tarlú i bpobal agus le linn idirghníomhaíochta le daoine eile.
  4. Teastaíonn meon ina bhfuil luach ar fhás pearsanta agus intleachtúil an duine féin agus daoine eile (lch. 700).

Ar ndóigh, is cuid lárnach de Cosán atá sna tagairtí a dhéantar anseo do phróiseas gníomhach agus stuama, a bhíonn ar siúl i gcomhar, agus ina dtugtar tacaíocht d'fhás pearsanta agus gairmiúil an duine. Léirítear sa chreat an bealach a chuideoidh Cosán le múinteoirí chun smaoineamh ar bhealach atá bunaithe ar fhianaise agus chun machnamh a dhéanamh ar a bhfoghlaim ghairmiúil, ina n-aonar agus i gcomhar.

Múnlaí Machnaimh

Is féidir leis na múnlaí agus na creata éagsúla atá ar fáil do mhachnamh (Gibbs (1988), Schón (1987), Johns (2000) etc.) cuidiú le múinteoirí tabhairt faoi mhachnamh fiúntach. Cuirtear roinnt de na múnlaí agus na creata sin ar fáil thíos, ach rinneadh iad a chur in oiriúint lena n-úsáid nuair atáthar ag déanamh machnaimh ar fhoghlaim ghairmiúil. Tá pátrún mórán mar a chéile acu:

  1. Aisbhreithniú: Ag smaoineamh siar ar chúinse nó ar eispéireas.
  2. Féinmheastóireacht: Anailís agus meastóireacht chriticiúil a dhéanamh ar ghníomhartha agus ar mhothúcháin a bhaineann leis an eispéireas, trí úsáid a bhaint as peirspictíochtaí teoiriciúla.
  3. Atreoshuíomh: Úsáid a bhaint as torthaí na féinmheastóireachta chun dul i bhfeidhm ar an gcur chuige amach anseo i leith cúinsí nó eispéiris atá cosúil. (Quinn 2000)

Ní féidir tabhairt faoin gcéad chéim i.e. féinmheastóireacht, ach trí stopadh nó sos a ghlacadh chun smaoineamh faoi chleachtas, foghlaim ghairmiúil etc. Tagraíonn Dewey (in Boydston 2018) don chaoi a ndeirimid

We say "Stop and think "; well, all reflection involves, at some point, stopping external observations and reactions- so that an idea may mature… (p. 344).

Sna múnlaí thíos mar sin, tá sé fóinteach smaoineamh ar an gcéad chéim i ngach ceann a bheith ag brath ar dheiseanna leordhóthanacha a bheith ag múinteoirí chun stopadh agus smaoineamh.

Gibbs' (1988) Timthriall Machnaimh

Tá glactha le timthriall machnaimh Ghibbs (1998) i roinnt gairmeacha. Sa leagan athchóirithe thíos, rinneadh na sé chéim a ghiorrú go trí chéim:

  1.  Cur Síos agus Mothúcháin

Déan cur síos ar an deis/gníomhaíocht foghlama ar a bhfuil tú ag déanamh machnaimh. Breathnaigh ar mar a mhothaigh tú faoin deis/gníomhaíocht foghlama. Smaoinigh ar an ábhar foghlama agus faoin bpróiseas inar ghlac tú páirt. Smaoinigh ar an mbealach ar thug tú faoin deis foghlama agus faoin gcúis ar thug tú faoi seo. Smaoinigh ar spreagadh pearsanta chomh maith leis an spreagadh gairmiúil. Féadfaidh tú aon ábhar ábhartha ón deis/gníomhaíocht foghlama a úsáid chun tacú leis an staid seo.

  1.  Meastóireacht agus Anailís

Tabhair míniú ar an mbealach ar chuir tú an fhoghlaim seo i bhfeidhm i do chleachtas. Smaoinigh ar an tionchar a bhí aici ar mhúineadh agus ar fhoghlaim (nó ar ghnéithe eile) ar do chás féin, agus ar an tionchar a bhí i gceist go díreach. Agus an méid sin ar bun agat, cuimhnigh gur cur síos an-leathan a thugtar ar an tionchar i Cosán, agus gur tionchar atá ann nach bhfuil éasca a thomhas go réidh nó atá srianta do thorthaí inbhraite amháin. Cuirtear san áireamh mar chuid de choincheapú níos leithne den tionchar go bhféadfadh foghlaim mhúinteoirí tionchar a imirt ar rannpháirtíocht agus spreagadh múinteoirí chomh maith leis an taitneamh a bhaineann siad as. Trí seo, cuirtear feabhas ar a gcleachtas mar dhaoine aonair, agus le chéile, trí phobail foghlama gairmiúla a chur chun cinn. Tá sé fóinteach úsáid a bhaint as fianaise chun tacú le machnamh ar thionchar mar seo, e.g., do chuid nótaí féin, samplaí d'obair dhaltaí, aiseolas ó chomhghleacaithe etc.

  1.  Tátal agus Plean Gníomhaíochta

Smaoinigh ar an tátal is féidir leat a bhaint as an bhfoghlaim, agus ar an tionchar atá aige. I ndiaidh duit smaoineamh air seo (bunaithe ar fhianaise) féadfaidh tú plean gníomhaíochta a dhéanamh atá bunaithe ar eolas maidir le foghlaim amach anseo agus é sin a chur i bhfeidhm i gcleachtas.

Creat Rolfe et al(2001)

Ar nós mhúnla Ghibb, cuidíonn sé seo le múinteoirí dul ó chur síos a dhéanamh ar an deis/gníomhaíocht foghlama agus ar na buntáistí a meastar a bheith leis, go dtí machnamh a dhéanamh ar ghnéithe ón bhfoghlaim a chur i bhfeidhm agus ar an tionchar dá mbarr sin. Agus ina dhiaidh sin, go dtí foghlaim ghairmiúil a phleanáil amach anseo bunaithe ar an eolas sin.

  1. Céard? Seo an ghné thuairisciúil de do ghníomhaíocht, e.g., cur síos a dhéanamh ar an bhfoghlaim trí scríobh, comhráite gairmiúla etc. Ba chóir cur síos beacht a thabhairt ar an méid a tharla le linn na gníomhaíochta foghlama, ar an méid a bhí ar bun agat féin agus ag daoine eile.
  2. Céard mar sin? Anseo féachfaidh tú le ciall a bhaint as do chuid foghlama, an tionchar pearsanta agus gairmiúil, lena n-áirítear an tionchar ar do chleachtas agus ar fhoghlaim, ar spreagadh, ar rannpháirtíocht na ndaltaí etc.  Ar nós an méid thuas, is coincheapú an-leathan a dhéantar ar an tionchar. D'fhéadfaí machnaimh fhísiúla, samplaí d'obair daltaí, nó samplaí de phleanáil fhreagrúil etc., a chur san áireamh mar fhianaise ar an tionchar seo.
  3. Céard anois? Seo an rannóg ina mbeidh ort smaoineamh ar an gcéad ní eile atá tú chun a dhéanamh agus ar na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar do ghníomhaíocht. Ní mór duit tacú leis seo trí fhianaise a chur ar fáil.

 

Lionsaí Brookfield (1995)

Is féidir le lionsaí Brookfield (1995) tacú le múinteoirí chun féachaint ar a gcuid teagaisc trí radhairc éagsúla. Is féidir an-tairbhe a bhaint as na lionsaí nuair atáthar ag smaoineamh ar an bhfianaise a d'fhéadfadh múinteoirí a bhailiú chun machnamh a dhéanamh ar thionchar a gcuid foghlama gairmiúla.

  1. An Dírbheathaisnéis - Féadfaidh múinteoirí díriú ar thaithí roimhe seo mar fhoghlaimeoir chun cur síos a dhéanamh ar mar a oibríonn siad faoi láthair. Mar shampla, féadfaidh siad féachaint ar dhialanna múinteoireachta, ar mheastóireachtaí agus ar spriocanna/torthaí pearsanta, agus trí sin, gnéithe dá gcleachtas a nochtadh a bhféadfadh forbairt trí fhoghlaim phearsanta nó ghairmiúil a bheith ina bhuntáiste leis. 
  2. Tuairim na ndaltaí – Is féidir le múinteoirí úsáid a bhaint as, mar shampla, meastóireachtaí, léirmheasanna ó dhaltaí nó dialanna nó grúpaí fócais dhaltaí chun léargais na ndaltaí a fháil nuair atá machnamh á dhéanamh ar thionchar a bhfoghlama.
  3. Eispéiris ár gcomhghleacaithe – Go minic, agus muid ag déanamh machnaimh ar ár bhfoghlaim (agus ar an toradh dá barr) féadfaidh comhpháirtithe aird a tharraingt ar ghnéithe an dea-chleachtais, agus réitigh nuálacha a chur ar fáil ar ghnéithe an dea-chleachtais ar féidir a fhorbairt tuilleadh. Féadfaidh comhráite gairmiúla, eispéiris mhúinteoireacht foirne, rannpháirtíocht i gceardlanna/seimineáir, agus athbhreithnithe comhoibríocha cur le spreagadh níos fearr, le tuilleadh comhghleacaíochta agus le torthaí múinteoireachta agus foghlama a fheabhsú.

Litríocht Theoiriciúil – Féadfaidh rannpháirtíocht chomhoibríoch le comhghleacaithe agus leis an litríocht chuí mar chuid d'fhoghlaim leanúnach tacú le cleachtas agus comhthéacs níos leithne a chur ar fáil ar ár dteagasc agus ar ár bhfoghlaim. Féadfaidh múinteoirí úsáid a bhaint as litríocht, agus as taighde reatha chun creat a chur le chéile agus tacú lena gcleachtas. Féadfaidh sé léiriú a thabhairt freisin ar dheiseanna chun tuilleadh foghlama a dhéanamh.

Tagairtí

Brookfield, S. (1995). Becoming a Critically Reflective Teacher. San-Francisco: Jossey-Bass

Cordingley, P. (2014). “Teacher licensing and collaboration: a model for developing the confidence of the profession as a whole” In: Hallgarten, J., Bamfield, L. & McCarthy, K. (eds.). Licensed to Create: Ten essays on improving teacher quality. London: RSA Action and Research Centre.

Dewey, J. (1910). How We Think. Boston: D. C. Heath & Co.

Dewey, J. (1933). How We Think (rev. ed.) Boston: D. C. Heath & Co.

Gibbs, G. (1988). Learning by Doing: A Guide to Teaching and Learning Methods. Oxford: Oxford Further Education Unit

Johns, C. (2000). Becoming a reflective practitioner. Oxford: Blackwell Science

Lee, H.-J. (2005). Understanding and assessing preservice teachers' reflective thinking. Teaching and Teacher Education, 21, pp699-715

McArdle, K., & Coutts, N. (2010). Taking teachers' continuous professional development (CPD) beyond reflection: Adding shared sense-making and collaborative engagement for professional renewal. Studies in Continuing Education, 32(3)

Quinn, F.M. (1988/2000). Reflection and reflective practice. In C.Davies, L.Finlay and A. Bullman (eds.) Changing practice in health and social care. London: Sage. (Original work published in 1988 and reproduced in 2000).

Rodgers, C. (2002). Defining reflection: Another look at John Dewey and Reflective Thinking. Teachers College Record, 104(4), pp842–866.

Rolfe, G., Freshwater, D., Jasper, M. (2001). Critical Reflection for Nursing and the Helping Professions: a User’s Guide. Basingstoke: Palgrave

Schön, D. (1983). The Reflective Practitioner: How professionals think in action. London: Temple Smith

Sellars, M. (2017). Reflective Practice for Teachers, London: Sage