Dé Céadaoin, 15 Nollaig 2021 – Tá a plean straitéiseach ar feadh na tréimhse cúig bliana, 2022 go 2027, foilsithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Sa phlean, leagtar amach spriocanna straitéiseacha na Comhairle maidir lena ról reachtúil chun cloí le caighdeáin agus chun barr feabhais leanúnach na gairme múinteoireachta in Éirinn a chur chun cinn.
Tagann an plean chun cinn tar éis comhairliúcháin chuimsithigh le pobal leathan de pháirtithe leasmhara i gcúrsaí oideachais agus tógann sé ar na pleananna ilbhliantúla a bhí ann roimhe seo go dtí anois. Istigh ann, leagtar amach ceithre sprioc straitéiseacha a chlúdaíonn an fhorbairt agus feabhas leanúnach maidir le clárú agus soláthar múinteoirí, comhphobail ghairmiúla teagaisc agus foghlama a chruthú, feidhmeanna rialála leanúnacha na Comhairle agus bealaí oibre inbhuanaithe a chur chun cinn.
Sa phlean seo, tá cur i gcrích chéim fháis Droichead, an chreatlach ionduchtúcháin ghairmiúil chomhtháite do mhúinteoirí nuacháilithe. Chomh maith leis sin, léirítear ann an t-athbhreithniú ar na caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí in Céim, agus leagtar amach ann an plean don chur i bhfeidhm córasach de Cosán, an creat náisiúnta um fhoghlaim múinteoirí. Tá an plean leagtha amach ag an gComhairle ar feadh tréimhse ama cúig bliana leis an bhforbairt bhreise agus sheasta ar na réimsí seo a chinntiú.
Sa phlean, tugtar tús áite do sprioc leanúnach na Comhairle maidir lena chinntiú go bhfuil dóthain soláthair ann de mhúinteoirí cláraithe a bhfuil grinnfhiosrúchán déanta orthu chun freastal ar riachtanais aitheanta an chórais scoile. Tá clár de níos mó ná 111,000 múinteoir á choinneáil ag an gComhairle le haghaidh córais scoile ina bhfuil beagnach 4,000 scoil agus milliún foghlaimeoir. Tá an Clár tar éis fás gach bliain ó 2006. Faoi láthair, déanann 5,500 múinteoir ar an meán, iarratas le clárú gach bliain. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Clár ag fás faoi láthair ar an meán, faoi tuairim is 3,000 cláraí gach bliain.
Agus NOVUS á sheoladh freisin, bunachar sonraí nua suntasach do Chlár na Múinteoirí, tá sé mar aidhm ag an gComhairle anailís a chur ar fáil don mhúnlú leanúnach de sholáthar múinteoirí. Mar thoradh ar an gcóras nua, tá an Chomhairle Mhúinteoireachta á cur chun cinn mar nuálaí i réimse na rialála gairmiúla, digitiú ina measc. Tá rochtain anois ag múinteoirí ar thairseach clárúcháin ilseirbhíse atá go hiomlán ar líne, a dhéanann cuíchóiriú ar sheachadadh seirbhísí agus a dhéanann na próisis chlárúcháin agus athnuachana níos tapúla tríd is tríd.
Dúirt an Chomhairle go leanfaidh sí leis an gcomhoibriú leanúnach leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile lena chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais earcaíochta agus ionadaithe na scoileanna le múinteoirí cláraithe ar bhonn córasach.
Mar chuid de fhreagairt na Comhairle ar an bpaindéim, shínigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, Rialachán Leasaithe Covid-19, in 2020 agus in 2021 araon, le go mbeidh múinteoirí a bhain cáilíocht amach i dtír eile in ann a n-ionduchtúchán a chur i gcrích in Éirinn (ar bhonn eisceachtúil agus faoi cheangal ama agus faoi réir na gcaighdeán rialála riachtanach agus leanúnach).
Dúirt Tomás Ó Ruairc, Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta: “Gan aon amhras, tharla cuid mhór athruithe do ghairm na múinteoireachta i rith na paindéime. Inár bplean straitéiseach, déantar cothromaíocht a aimsiú go cúramach idir dul in oiriúint do chuid mhór de na hathruithe seo ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile a chinntiú go leanann an chuid is fearr dár bhfoghlaim agus dár dteagasc a d’fhreastail go maith orainn i gcónaí, ag freastal orainn go fóill.
“I bplean straitéiseach na Comhairle, leanfar ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le comhchleachtadh ina leanfaidh na páirtithe leasmhara oideachais uile ar aghaidh agus ról lárnach acu i bpolasaithe nuálacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm mar fhreagairt ar ár gcomhriachtanais chórasacha. Tugtar tús áite ann freisin do na haidhmeanna inbhuanaitheachta ar an iomlán atá laistigh den teagasc, de na scoileanna agus den tsochaí i gcoitinne.”
Dúirt Seán McMahon, Cathaoirleach na Comhairle Múinteoireachta: “Tá an Chomhairle Mhúinteoireachta tiomanta chun tacú le hardchaighdeáin an teagaisc ina bhfuil leibhéal ard d’iontaoibh agus muinín an pobail in Éirinn. Tríd an bplean straitéiseach seo, beidh ról lárnach ag an gComhairle leis na caighdeáin is airde a chur chun cinn in oideachas múinteoirí agus sa ghairmiúlacht trí pholasaithe agus rialacháin éifeachtacha. Is é atá chun tosaigh sa phlean ná comhoibriú agus comhairliúchán leis na príomhpháirtithe leasmhara agus leis seo cinnteofar go mbeidh teagasc agus foghlaim den scoth ann do gach duine.”
CRÍOCH
Plean Straitéiseach na Comhairle Múinteoireachta 2022-2027 (Béarla)
Plean Straitéiseach na Comhairle Múinteoireachta 2022-2027 (Gaeilge)