Forbairt an Tairseach Mo Chlárú as Gaeilge

Chuir an Chomhairle Mhúinteoireachta tairseach clárúcháin ar líne ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Cuimsíonn an tairseach MoChlárú réitigh ceann go ceann i dtaobh próisis chlárúcháin. Níl an tairseach ar líne ar fáil ach i mBéarla amháin faoi láthair. Tá an leagan Gaeilge den tairseach á fhorbairt againn faoi láthair, áfach, agus táimid ag súil go mbeidh sé ar fáil i lár na bliana 2023.

Idir an dá linn,

  • Más mian leat iarratas a dhéanamh ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge, déan teagmháil le vettingliaison@teachingcouncil.ie chun cóip den fhoirm BNG1 (leagan Gaeilge) a iarraidh sa phost nó ar ríomhphost. De rogha air sin, is féidir leat cóip den fhoirm BNG1 (leagan Gaeilge) a íoslódáil thíos.

  • Más mian leat iarratas a dhéanamh ar chlárúchán a athnuachan i nGaeilge, is féidir leat an fhoirm athnuachana Gaeilge a íoslódáil thíos nó is féidir leat do shonraí a chur isteach i nGaeilge ar an taobh Béarla den tairseach Mo Chlárú.