Nótáil le do thoil, maidir le doiciméid aitheantais agus cáilíochtaí, nach nglacfaidh an Chomhairle ach le cóipeanna deimhnithe.
Is é is cóip dheimhnithe ann, fótachóip de bhundoiciméad agus í deimhnithe/ceadaithe ag duine cuí, i.e. sínithe, stampáilte agus dátaithe. Nuair a dhéanann duine cuí doiciméad a dheimhniú, dearbhaíonn an duine sin go bhfuil an bundoiciméad feicthe aige/aici agus go gcreideann sé/sí gur fíorchóip den bhundoiciméad atá san fhótachóip.
Chun críocha doiciméid a dheimhniú, áirítear iad seo a leanas ina ndaoine cuí: comhalta den Gharda Síochána, Aturnae/Coimisinéir Mionnaí, múinteoir cláraithe (leis an gComhairle Mhúinteoireachta, caithfidh sé/sí a n-uimhir chláraithe a thabhairt) nó Feidhmeannach Síochána (síniú, dáta agus ainm i mbloclitreacha).