Ní dhéanfaidh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú más rud é:
1. nach bhfuil an múinteoir, an duine a bhfuil an ghearán á dhéanamh faoi nó fúithi, cláraithe leis an gComhairle Mhúínteoireacha
2. go gcreideann an Coiste Imscrúdaithe nach mbaineann do ghearán le feidhmiúlacht an mhúínteora chun múíneadh
3. nár baineadh triail as (nó nár tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann
4. gur tharla na nithe a bhfuil tú ag déanamh gearáin fúthu roimh insert commencement date. Sna cásanna seo, d'fhéadfadh an Coiste Imscrúaithe an gearán a fhiosrú I gcúínsí áirithe mar atá leagtha amach thuas.
Má dhéanfaidh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú más rud é:
1. nach bhfuil an múinteoir, an duine a bhfuil an ghearán á dhéanamh faoi nó fúithi, cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta
2. go gcreideann an Coiste Imscrúdaithe nach mbaineann do ghearán le feidhmiúlacht an mhúínteora chun múineadh
3. nár baineadh triail as (nó nár tugadh chun críche) nósanna imeachta araíonachta na scoile (arna mbunú faoi alt 24 den Acht Oideachais, 1998) ach amháin má bhíonn cúiseanna maithe agus leordhóthanacha ann
4. gur tharla na nithe a bhfuil tú ag déanamh gearáin fúthu roimh insert commencement date. Sna cásanna seo, d'fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe an gearán a fhiosrú i gcúinsí áirithe mar atá leagtha amach thuas.
Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh gan an gearán a fhiosrú, tagann próiseas an ghearáín chun deiridh. Ní féidir achomarc a dhéanamh ar chinneadh an Choiste Imscrúdaithe.
Próiseas an ghearáin
Léargas ginearálta ar phróiseas an ghearáin.
Nuair a fhaighimid gearán, téann sé chuig Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta ar dtús agus chuig an bhfoireann chuí. Déanfaidh an Stiúrthóir athbhreithniú ar an ngearán agus is féidir leis/léi na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- an gearán a dhiúltú mura bhfuil sé i scríbhinn, sínithe, agus in éineacht leis na doiciméid agus leis an eolas ábhartha
- an gearán a dhiúltú freisin má cheapann an Stiúrthóir gur gearán neamhthábhachtach nó míréasúnta atá ann, nó ceann a rinneadh go mímhacánta nó trí mhí-úsáid a bhaint as an bpróiseas, nó
- do ghearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Imscrúdaithe, a bhreathnóidh isteach i do ghearán.
Má dhiúltaíonn an Stiúrthóir an gearán, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Stiúrthóra chuig an gCoiste Imscrúdaithe.
Conas a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe mo ghearán a fhiosrú?
Seolfaidh an Coiste Imscrúdaithe cóipeanna de do ghearán agus na doiciméid uile a fhaigheann sé a bhaineann le do ghearán chuig an múinteoir. B’fhéidir go n-iarrfaidh an coiste ar an múinteoir freagra a thabhairt ar an ngearán i scríbhinn.
B’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ort níos mó eolais a sheoladh isteach nó b’fhéidir go n-iarrfaidh sé ar an múinteoir nó ar an scoil nó aon duine eile iomchuí eolas a sheoladh isteach. B’fhéidir go lorgóidh an Coiste Imscrúdaithe sainchomhairle nó cuidiú freisin.
Má thugtar le fios i do ghearán nach mbeadh an múinteoir ábalta múineadh ó thaobh na sláinte de, b’fhéidir go n-iarrfaidh an Coiste Imscrúdaithe ar an múinteoir tabhairt faoi scrúdú dochtúra.
Is iad cruinnithe príobháideacha a bhíonn ar siúl ag an gCoiste Imscrúdaithe. Ní bheidh tú i dteideal freastal ar na cruinnithe.
Ba chóir caitheamh le gach comhfhreagras agus doiciméad a eisítear chugat agus an gearán á n-iniúchadh ag an gCoiste Imscrúdaithe mar chomhfhreagras agus doiciméid atá go hiomlán príobháideach agus faoi rún.
An bhfeicfidh an múinteoir mo ghearán?
Feicfidh. Cuirfimid in iúl don mhúinteoir nuair a fhaighimid gearán faoi nó fúithi. Seolfaimid cóip de d'fhoirm ghearáin freisin agus aon doiciméid atá iniata leis, in éineacht le tuilleadh eolais a chuireann tú chugann le linn phróiseas an ghearáin, chuig an múinteoir. Leis seo beidh an múinteoir in ann freagra a thabhairt don ghearán atá déanta agat.
An bhfeicfidh scoil nó fostóir an mhúinteora mo ghearán?
Cuirfidh ár gCoiste Imscrúdaithe in iúl d’fhostóir an mhúinteora, a luaithe agus is féidir, más rud é go bhfuil ábhar imní ann go bhfuil nó go bhféadfadh leanaí nó daoine fásta soghonta i mbaol go ndéanfaí díobháil orthu.
Chomh maith leis sin, b’fhéidir go lorgóimis eolas ó fhostóir an mhúinteora nó ón scoil mar chuid den imscrúdú ar do ghearán. Dá bhrí sin, is é is dóichí go mbeidh fostóir an mhúinteora ar an eolas faoi do ghearán.
Ag an deireadh nuair a dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh maidir leis an ngearán, cuirfear cóip de chinneadh an Choiste Imscrúdaithe ar fáil d’fhostóir an mhúinteora.
Má chinneann an Coiste Imscrúdaithe an gearán a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin, cuirfimid in iúl d’fhostóir an mhúinteora faoi thoradh an fhiosrúcháin.
Cad a tharlaíonn tar éis don Choiste Imscrúdaithe mo ghearán a fhiosrú?
D’fhéadfadh an Coiste Imscrúdaithe ceachtar den dá rud seo a leanas a dhéanamh:
- do ghearán ar fad nó cuid de a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Araíonachta le haghaidh fiosrúcháin
nó
- cinneadh a dhéanamh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh.
Má dhéanann an Coiste Imscrúdaithe cinneadh nach bhfuil gá le haon ghníomh eile a dhéanamh, tá deireadh le próiseas an ghearáin. Ní féidir achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh an Choiste Imscrúdaithe.
Ní mór gearán tromchúiseach a bheith i gceist leis an ngearán ionas gur féidir lenár gCoiste Imscrúdaithe é a chur ar aghaidh chuig ár gCoiste Araíonachta.
An gcuirfear in iúl dom maidir le toradh mo ghearáin?
Cuirfear. Cuirfimid in iúl duit maidir le toradh do ghearáin.