Ceisteanna coitianta faoi Digitary do Mhúinteoirí

Céard é Digitary?

Digitary:

  • is é atá ann ná an réiteach ar líne a úsáideann an Chomhairle Mhúinteoireachta chun ligean do mhúinteoirí breathnú ar a nochtadh grinnfhiosrúcháin (an doiciméad ina bhfuil toradh an ghrinnfhiosrúcháin) agus é a chomhroinnt, go leictreonach, lena bhfostóir reatha agus le fostóirí ionchasacha;
  • glacann sé ionad litir na Comhairle Múinteoireachta faoi thoradh an ghrinnfhiosrúcháin, ar litir í sin a bhí le tíolacadh, roimhe seo, ag múinteoirí d’fhostóirí scoile;
  • cumasaíonn sé comhroinnt maidir le nochtadh grinnfhiosrúcháin le scoileanna/fostóirí agus, dá bhrí sin, comhlíonann sé ceanglais na nAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016.

Déanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta nochtadh grinnfhiosrúcháin a chur ar fáil go leictreonach trí réiteach Digitary. Cumasaíonn sé sin d’fhostóirí scoile ceanglais Alt 12 de na hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go 2016 a chomhlíonadh.

Tá sé curtha in iúl d’údaráis bhainistíochta scoile, trí bhíthin Chiorclán 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna go ndéanfaidh an Chomhairle Mhúinteoireachta nochtadh grinnfhiosrúcháin a chur ar fáil go leictreonach.

Conas a gheobhaidh mé rochtain ar mo chuntas Digitary?

Chuir an Chomhairle Mhúinteoireachta fógra chugat le ríomhphost nuair a tháinig do nochtadh grinnfhiosrúcháin chun a bheith ar fáil ón mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin.  Mura bhfuil an teachtaireacht ríomhphoist sin faighte agat, iarrtar ort seiceáil a dhéanamh ar do chomhadlann turscair nó dramhaíola. Má aimsítear ansin í, is féidir leat an teachtaireacht ríomhphoist sin a úsáid chun an nasc leabaithe chuig leathanach cláraithe Digitary a leanúint.

Tá treoracha iomlána faoin tslí inar féidir le duine cuntas Digitary a chlárú agus an cuntas sin a ghníomhachtú ar fáil ag Digitary – How to Access your Vetting Disclosure.

Más rud é nach bhfuil an teachtaireacht bhunaidh ríomhphoist agat, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an gComhairle Mhúinteoireachta ar vetting@teachingcouncil.ie chun a iarraidh go ndéanfar an teachtaireacht ríomhphoist a atheisiúint.

Conas a bhreathnaím ar mo dhoiciméad (dhoiciméid)?

Nuair a logálann tú isteach in Digitary, seolfar tú chuig an leathanach “Documents” áit a bhfeicfidh tú do dhoiciméad faoin ainm My Document 1. Beidh nasc dar teideal “View” le feiceáil anseo (féach anseo thíos san áit a bhfuil ciorcal dearg ann). Cliceáil ar an nasc sin chun breathnú ar do dhoiciméad. D’fhéadfadh sé gur mhaith leat ainm nua a thabhairt do do dhoiciméad sa roinn seo.

Digitary 1

Conas a thugaim ainm nua do dhoiciméad?

Tar éis duit cliceáil ar “view” chun do dhoiciméad a oscailt, is féidir leat ainm nua a thabhairt dó sa roinn dar teideal Document Information. Feicfidh tú gurb é an t-ainm doiciméid My Document 1 an nasc gorm mar atá aibhsithe thíos. Cliceáil ar an nasc sin agus clóscríobh an t-ainm ba mhaith leat a thabhairt ar an doiciméad agus, ansin, cliceáil ar √ chun sábháil a dhéanamh mar Vetting June 2016 (Lisa Murtagh), mar shampla.

Digitary 3

An féidir liom mo dhoiciméad a íoslódáil nó a phriontáil?

Tar éis duit breathnú ar do dhoiciméad, tá saoráid ar fáil chun an doiciméad a íoslódáil agus a shábháil go logánta. Ar bharr an doiciméid feicfidh tú roinnt deilbhíní. Cliceáil ar an dara deilbhín ar thaobh na láimhe clé (mar atá aibhsithe leis an gciorcal dearg sa seat scáileáin thíos) agus déan sábháil dá réir. Tar éis é a shábháil go logánta is féidir leat do dhoiciméad a phriontáil.

Digitary 4

Cá fhad a bheidh mo dhoiciméid bailí?

Beidh do nochtadh grinnfhiosrúcháin bailí go dtí go gceanglóidh an Chomhairle Mhúinteoireachta nó scoil/fostóir ort ath-ghrinnfhiosrúchán a fháil agus go ndéanfar an nochtadh uasdátaithe a uaslódáil chuig Digitary. Ní bheidh ach nochtadh grinnfhiosrúcháin amháin ar taispeáint ar Digitary.

Conas a chomhroinnim mo dhoiciméad le m’fhostóir nó le tríú páirtí eile?

Cumasaíonn córas Digitary do mhúinteoirí document shares a chruthú, ar naisc iad sin atá daingean agus uathúil agus a sheolann daoine chuig do dhoiciméad (dhoiciméid).

Nuair a logálann tú isteach in Digitary, seolfar tú chuig an leathanach "Documents" áit a bhfeicfidh tú do dhoiciméad faoin ainm My Document 1 (nó faoi ainm nua an doiciméid má roghnaigh tú ainm nua a thabhairt dó). Beidh nasc dar teideal "Share" le feiceáil anseo (féach anseo thíos san áit a bhfuil ciorcal dearg ann).

Digitary 1

Tríd an nasc sin a leanúint, is féidir leat do dhoiciméad a chomhroinnt trí úsáid a bhaint as seoladh ríomhphoist an duine ar mian leat do dhoiciméad a chomhroinnt leis/léi. Nuair atá doiciméad á chomhroinnt agat, is féidir leat rochtain a rialú tuilleadh trí uimhir uathúil PIN agus dáta éagtha a leithroinnt. Féach an seat scáileáin anseo thíos.

Digitary 6

An nglacfaidh gach fostóir scoile le doiciméid a chomhroinntear trí Digitary?

Tá sé curtha in iúl do lucht bainistíochta scoileanna, trí bhíthin Chiorclán 0031/2016 na Roinne Oideachais agus Scileanna, go ndéanfar nochtadh grinnfhiosrúcháin a chur ar fáil ar líne. I gcás nach bhfuil lucht bainistíochta scoile in ann breathnú ar nochtadh grinnfhiosrúcháin múinteora ar líne, déanfar breithniú i leith socrú malartach. Is ceart don mhúinteoir teagmháil a dhéanamh le Rannóg Grinnfhiosrúcháin na Comhairle Múinteoireachta trí theachtaireacht ríomhphoist a chur chuig vetting@teachingcouncil.ie.

Logáil mé isteach in Digitary ach níl mo dhoiciméid le feiceáil, cad is ceart a dhéanamh?

a. Bí cinnte gur chláraigh tú do chuntas trí úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist céanna ar chuige a cuireadh an fógra ón gComhairle Mhúinteoireachta. Sin an chúis is mó a fhágann nach mbíonn daoine in ann a ndoiciméid a fheiceáil.

b. Má logáil tú isteach trí sholáthróir: i gcás Linkedin, Google nó Facebook, bí cinnte gur fhíoraigh tú do sheoladh ríomhphoist:

Logáil isteach leis an soláthróir/ón roghchlár anuas gar do d’ainm, téigh chuig do

PROFILE SETTINGS/faoi EMAIL ADDRESSES agus cliceáil VERIFY.

Cuirfear teachtaireacht ríomhphoist chugat; lean na treoracha chun do sheoladh ríomhphoist a fhíorú.

Ní féidir leis an bhfaighteoir an doiciméad atá comhroinnte agam leis mo dhoiciméad a fheiceáil, cad is féidir liom a dhéanamh?

Insíonn an fíoraitheoir (an faighteoir a bhfuil tú ag comhroinnt do dhoiciméad leis) nach féidir leis do dhoiciméad a fheiceáil.

  1. Bí cinnte, má thugtar leid ina leith, go bhfuil a sheoladh ríomhphoist féin á iontráil ag an bhfíoraitheoir (i.e. an seoladh ríomhphoist a chuir tú an comhroinnt chuige) SEACHAS seoladh ríomhphoist s’agatsa
  2. Bí cinnte nach bhfuil an comhroinnt imithe in éag nó éagumasaithe. Déan seiceáil air sin trí dhul chuig:
  • “SHARING” / cliceáil ar do “share” chun na mionsonraí a fheiceáil.
  • Uaidh sin, is féidir cliceáil ar “EDIT” chun na mionsonraí a bhaineann leis an gcomhroinnt a athrú.

An féidir liom breathnú ar stair na ndoiciméad atá comhroinnte agam?

Feicfidh tú roghchlár ar thaobh na láimhe clé nuair a logálann tú isteach i “Digitary”. Tabharfaidh an mhír “Sharing” ar an roghchlár mionsonraí maidir le gach “Share” atá cruthaithe agat.

An féidir liom breathnú ar stair/ghníomhaíocht maidir le mo dhoiciméad comhroinnte?

Is féidir. Logáil isteach in Digitary agus cliceáil ar an táb ”Sharing” ar an roghchlár ar thaobh na láimhe clé. Taispeánfaidh sé sin na “Shares” go léir atá cruthaithe agat. Aimsigh an “Share” ar mian leat an stair ina leith a bhreathnú. Roghnaigh an “Share” trí chliceáil a dhéanamh ar an “Share” sin i gcolún na n-ainmneacha. Feicfidh tú cnaipe gorm ansin ar a dtugtar “View Activity” - cliceáil ar an gcnaipe sin chun an ‘Activity History’ a fheiceáil.

An féidir liom ‘Share’ nár ghníomhachtaigh mé a chúlghairm/chealú?

Is féidir. Logáil isteach in Digitary agus cliceáil ar an táb ”Sharing” ar an roghchlár ar thaobh na láimhe clé.  Taispeánfaidh sé sin na “Shares” go léir atá cruthaithe agat. Aimsigh an “Share” ar mian leat é a chealú agus cliceáil ar an gcnaipe “Disable”.

Cén áit a bhfuil tuilleadh faisnéise faoi Ghrinnfhiosrúchán ar fáil?

An Chomhairle Mhúinteoireachta – www.teachingcouncil.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna – www.education.ie

An Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin – vetting.garda.ie

Má dhéantar ath-ghrinnfhiosrúchán i mo leith, cad a tharlaíonn do nochtadh grinnfhiosrúcháin fúm roimhe seo?

A luaithe a dhéantar ath-ghrinnfhiosrúchán i do leith agus a uaslódáiltear an nochtadh grinnfhiosrúcháin nua a uaslódáil chuig Digitary, déantar an sean-nochtadh grinnfhiosrúcháin a chúlghairm agus ní bhíonn teacht air a thuilleadh.

An bhfuil Digitary daingean? Cé hiad na daoine ar féidir leo mo chuid mionsonraí a fheiceáil?

Oifigigh de chuid institiúidí atá cumasaithe ó thaobh Digitary de, agus oifigigh den sórt sin amháin, atá in ann doiciméid Digitary a chruthú. Tagann próiseas eisiúna doiciméad faoi réir seiceálacha fíordheimhnithe den uile chineál, lena n-áirítear sealbhú feistí fisiciúla áirithe a eisítear chuig oifigigh de chuid institiúidí (i.e. an Chomhairle Mhúinteoireachta) de réir dianchoinníollacha. Nuair a eisíonn an institiúid doiciméid oifigiúla, bíonn siad cosanta ar chur isteach agus ar bhréagchumadh. Cuirtear na doiciméid dhaingne sin ar fáil do mhúinteoirí trí thairseach dhaingean ar líne áit ar féidir leo breathnú ar na doiciméid gan cumas a bheith acu iad a mhodhnú ar aon slí. Nuair a fhaigheann an múinteoir rochtain orthu, is é/í an múinteoir a dhéanann rialú i dtaobh cé a fheiceann na doiciméid sin trí úsáid a bhaint as saoráid comhroinnte Digitary.

Cuimsíonn doiciméid Digitary Sínithe Leictreonacha Cáilithe fadsaolacha (QES) a chomhlíonann na caighdeáin theicniúla is déine de chuid AE faoi Threoir 1999/CE/93 ón Aontas Eorpach maidir le Sínithe Digiteacha. Maidir le doiciméid a eisítear de réir chóras Digitary, tá sínithe iontu a chomhlíonann ETSI TS 101 903 agus tá deimhnithe digiteacha cáilithe ann ina leith a chomhlíonann ETSI TS 101 456.

Cén áit a bhfuil tuilleadh faisnéise faoi Digitary ar fáil?

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Digitary a fháil ag www.digitary.net

Sula n-úsáidtear réiteach ar líne Digitary, d’fhéadfadh sé gur mhaith leat eolas a chur ar a chuid gnéithe. Is féidir leat sin a dhéanamh tríd an rogha “Take a Tour” atá ar fáil ar an roghchlár ar thaobh na láimhe clé.