Déanann an múinteoir comhroinnt a nochtadh grinnfhiosrúcháin a rialú in éineacht leis an scoil/bhfostóir trí réiteach daingean ar líne na Comhairle Múinteoireachta, is é sin, Digitary.
Tar éis don scoil/fhostóir seoladh ríomhphoist rúnda bailí a thabhairt don mhúinteoir, gheobhaidh an scoil/fostóir sin teachtaireacht ríomhphoist ón múinteoir agus, sa teachtaireacht sin, gheofar nasc daingean leis an roinn logála isteach den chóras ar líne. Is ceart déanamh de réir na dtreoracha chun breathnú ar an nochtadh.
Tá sé de rogha ag an múinteoir uimhir dhaingean PIN a chur ag gabháil leis an doiciméad comhroinnte. I gcás ina roghnaíonn an múinteoir uimhir PIN den sórt sin a úsáid, ní mór dó/di mionsonraí an PIN sin a chur ar fáil don scoil/fhostóir freisin. Is féidir an uimhir PIN sin a chur ar fáil do dhuine cuí le teachtaireacht ríomhphoist ar leithligh, le téacs-teachtaireacht nó leis an teileafón.
Ar mhaithe le rúndacht, moltar do scoileanna/d’fhostóirí sainseoladh ríomhphoist a bheith acu chun teachtaireachtaí faoi nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil.