Féadfaidh tú é sin a dhéanamh le triail inniúlachta nó le tréimhse oiriúnúcháin.
Is é atá i gceist le triail Inniúlachta, scrúdú a dhéanamh chun na heasnaimh aitheanta a shásamh.
Is é atá i gceist le tréimhse oiriúnúcháin, tréimhse de chleachtadh múinteoireachta sna réimsí inar aithníodh easnaimh, faoi mhaoirseacht comhalta chláraithe den ghairm.
Má dheonaítear clárú coinníollach duit, scríobhfaidh an Chomhairle chugat ag cur in iúl duit na heasnaimh cháilíochta ar do chlárú.
Maidir leis an Riachtanas Gaeilge (ARG/ILR), gheobhaidh tú breis eolais ar http://www.ilrweb.ie
Maidir leis an scrúdú ar Stair & Struchtúr (S&S), Eagraíonn an Chomhairle an triail Inniúlachta dhá uair sa bhliain. Féadfaidh múinteoirí cur isteach ar an scrúdú trí ríomhphost a sheoladh chuig historyandstructure@teachingcouncil.ie
Maidir leis na heasnaimh eile, beidh ort féin dul i dteagmháil le coláistí agus cúrsaí oiriúnacha a aimsiú.